Chordata
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is fíleam ainmhithe iad na Chordata (Gréigis: χορδωτά, khordota “le téad”) le nótacorda, néarthéad droma folamh, scoilteanna faraingeacha, endostíl, agus eireaball iar-anasach ar feadh cuid dá saolré ar a laghad. Ar bhonn tacsanomaíoch, áirítear san fhíleam an fo-fhíleam Vertebrata, lena n-áirítear mamaigh, éisc, amfaibiaigh, reiptílí agus éin; Tunicata, lena n-áirítear Salpidae agus Ascidiacea (Gaeilge: ascaidí); agus Cephalochordata, a chuimsíonn na hamfaibhioraigh (ar a dtugtar “lansógaigh” freisin). Tá baill den fhíleam Chordata siméadrach déthaobhach, bíonn céalóm agus córas imshruthaithe acu, agus léiríonn siad deighilt mheitiméireach.
Tréimhse ama | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata William Bateson, 1885 |
Cuirtear Hemichordata ar aghaidh mar an ceathrú fofhíleam de chuid na gcordach, lena n-áirítear na Enteropneusta nó na péisteanna dearcáin, ach anois caitear leis de ghnáth mar fhíleam ar leith. Eisean chomh maith leis an bhfíleam Echinodermata, lena n-áirítear crosóga mara, cuáin mhara, súmairí mhara agus a bhfine, is ea gaolta is gaire na gCordach. Tá Cordaigh phrimitíbheacha, ó chomh luath leis an Tréimhse Chaimbriach, ar eolas againn.
Is grúpa ilghnéitheach é Chordata, atá oiriúnithe do líon mór nideog éiceolaíochta agus a rinne, i rith stair na héabhlóide, oiriúnuithe iontach, go háirithe chuig thimpeallachta agus atmaisféir an Domhain, ach chomh maith leis sin chuig timpeallachta uiscíochta nó amfaibiaigh. Thaispeáin na cordaigh go bhfuil cumas iontach acu le haghaidh féinrialúcháin agus eagrúcháin inmheánaigh, is féidir roinnt acu, mar shampla éin agus mamaigh, teocht an choirp a ardú agus a choinneáil tairiseach. Chuir na fachtóirí seo agus eile le haimpléiseachta an ghrúpa, a lig dóibh rialú níos a chur i bhfeidhm ar a gcuid imoibrithe meitibileach agus córais chasta neirbhísigh a fhorbairt.
Aicmiú
cuir in eagarTacsanomaíocht
cuir in eagarTógadh an scéimire seo a leanas as an tríú eagrán den leabhar Vertebrate Palaeontology.[1] Ach é a bheith struchtúrtha ar bhealach a thaispeánann na gaolta éabhlóideacha (cosúil le cladagram ("cladogram" sa Bhéarla), coimeádtar ranganna traidisiúnta a bhí in úsáid i dtacsanamaíocht Linnaeaus.
- Phylum Chordata
- Subphylum Tunicata (Urochordata)— (túinicigh, 3,000 speiceas)
- Subphylum Cephalochordata (Acraniata)— (amfaibhioraigh, 30 speiceas)
- Subphylum Vertebrata (Craniata) (vertebrates — (ainmhithe le dromlacha cearta); 57,674 speiceas)
- Rang 'Agnatha'* (veirteabraígan ghiall; 100+ speiceas)
- Fo-rang Mixinoidea (An Chailleach; 65 speiceas)
- Fo-rang Petromyzontida (Loimprí)
- Fo-rang Conodonta
- Fo-rang Pteraspidomorphi (iasc pailéasóch gan ghiall)
- Ord Anaspida
- Ord Thelodonti (Éisc pailéasócha gan ghiall)
- Infraphylum Gnathostomata (veirteabraí le gialla)
- Rang Placodermi (Cineálacha armúrtha Pailéasócha)
- Rang Chondrichthyes (éisc le creatlach loingeáin); 900+ speiceas)
- Rang Acanthodii (Siorc Pailéasóch na gclipí)
- Rang Osteichthyes (éisc le creatlach cnáimh); 30,000+ speiceas)
- Fo-rang Actinopterygii (éisc ga-eiteach; about 30,000 speiceas)
- Fo-rang Sarcopterygii (éisc liopa-eiteach)
- Sár-rang Tetrapoda (veirteabraí ceathairchosacha; 18,000+ speiceas)
- Rang 'Agnatha'* (veirteabraígan ghiall; 100+ speiceas)
Fíligineacht
cuir in eagarChordata |
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Nóta: Tugann na línte le fios an bealach gur dóigh a théann na gaolta éabhlóide, san áireamh tá tacsóin marbh, curtha in iúl le mhiodóg.
Bunús
cuir in eagarNí heol dúinn faoi láthair cad é bunús na gCordach. B'iad éisc laghdaithe nó eiseamail lansógaigh na céad cordach so-aitheanta ón Tréimhse Chaimbriach. Is í an tuairimíocht is mó faoi bhunús na gCordach ná gurb í líne an oiriúnaithe is fearr dóibh ná ceann nó dhó de na catagóirí seo a leanas:
- Ainmhí cosúil le péist dríodar-chónaithe a d'eascair corp níos leata agus / nó eiteog shnámha.
- Scagbheathóir suiteach feadánach a d'eascair ina ainmhí saorshnámh via eití a úsáid.(Meastar Urochordata nó Tunicata mar chordaigh, agus is scagbheathóirí iad le larbhaí cosúil le torbáin acu.)
- Larbha d'ainmhithe de short eile a bhí ag gluaisteach nó ag snámh, ach a choinnigh faoi dheireadh a chumas snámha agus é fásta suas.
B'fhéidir gur tháinig righneas an nótacorda chun cinn, ar an gcéid ásc, le haghaidh éifeachtúlachta crapadh matánach snámha a athrú (i gluaiseachtaí S-chruthach)
I bhfoclaibh eile, le haghaidh na colainne a lúbadh, caithfidh struchtúr righin dolúbtha a bheith ag meatán le tarraingt in aghaidh, agus is é an nótacorda san lúththréimhse an phríomhthréith. Ceal struchtúír righin dolúbtha, is é an toradh a bhéas ar chrapadh matánach ná ciorrú an ainmhí agus ní gluaisne iarbhír go bhféadfaí an t-ainmhí snámh.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Benton, M.J. (2004). Vertebrate Palaeontology, Third Edition. Blackwell Publishing, 472 pp. [http://palaeo.gly.bris.ac.uk/benton/vertclass.html Tá an scéim aicmiúcháin ar fáil ar líne] Curtha i gcartlann 2008-10-19 ar an Wayback Machine