Christopher Steele
Iar-oifigeach faisnéise Briotanach agus bainisteoir gnólacht faisnéise phríobháideach is ea Christopher David Steele, a rugadh ar 24 Meitheamh 1964. D'oibrigh sé do MI6 sna blianta 1987–2009. D'éirigh sé as an obair úd chun gnólacht faisnéise phríobháideach a bhunú i 2009 faoin ainm Orbis Business Intelligence. Tharraing sé clú air féin mar údar an tSainchomhad Steele, a rinne cur síos ar bhailiúchán faisnéise diúltaí oifigiúil a chuir na Rúisigh le chéile chun úsáid i gcoinne Donald Trump, dar le Steele.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Meitheamh 1964 60 bliana d'aois Áidin |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Girton, Cambridge (1982–1986) |
Áit chónaithe | Surrey |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oifigeach faisnéise, bleachtaire príobháideach, duine den lucht gnó |
Fostóir | Seirbhís Faisnéise Rúnda (–2009) |
Teangacha | Béarla agus an Rúisis |
Rugadh Steele in Áidin in Éimín, áit a raibh a athair ag obair le seibhís meitéareolaíochta an BBC.
Saineolaí ar an Rúis is ea Steele, agus an Rúisis ar a thoil aige. Tar éis trí bliana ag obair don MI6 sa Rúis agus seal i bPáras, d'fhill sé ar Londain mar achuaigh sé i gceannas an deasc Rúiseach don MI6.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |