Cionaoth mac Flainn

rí Uí Fhailí
(Athsheolta ó Cináed mac Flainn)

Rí Uí Fhailí ba ea Cionaoth mac Flainn (Sean-Ghaeilge Cináed mac Flainn) (bás 770). [Fland Dá Chongal]], iar-rí, ba ea a athair,[1] agus Éireanach, iníon Murchad Midi (bás 715), rí Uisnigh a mháthair. An dara mac acu dá ndearnadh rí de a bhí sé. Bhí sé i réim ón mbliain 757 go 770.[2]

Infotaula de personaCionaoth mac Flainn
Beathaisnéis
Bás770
757 – 770 (bás in oifig) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFlaithnia mac Cionaoith Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFlann Dá Chongal
SiblínAilill Corrach mac Flainn, Flaithnia mac Flainn, Cumascach mac Flainn agus Mughrón mac Flainn

Sa bhliain 770, thug sé a dhúshlán an tArdrí Laigean, Cellach mac Dúnchada (bás 776). Ag an am céanna, bhí ruathair á dhéanamh ar an gceantar ag Uí Néill an Deiscirt, an tArdrí, Donnchad Midi ina measc (bás 797). Cloíodh agus maraíodh Cionaoth i gCath Áth Orc (Uíbh Fhailí) i dteannta lena dheartháir, Ceallach, agus a chomhghuaillí, Cathnia mac Bécce desna Fothairt.[3][4][5]

Rinneadh rí Uí Fhailí dá mhac Flaíthnia (bás 806).

  • Annála Uladh, iml. 1
  • Leabhar Laighneach, at Rig hua Falge
  • Donnchadh Ó Corráin, Rawlinson B 502, Ginealaigh
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar One, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Mac Niocaill, lch. 127
  2. Tugtar réimeas ocht mbliana déag dó sa Leabhar Laighneach.
  3. Annála Uladh, AU 770.4
  4. Mac Niocaill, lch. 130
  5. Byrne, lch. 157