Dream in Éirinn na meánaoise ba ea na FothairtFotharta, lonnaithe sa Laigin.

An dream dúchais thart timpeall mhainistir Bhríde ag Cill Dara ba ea na Fothairt. Mhaígh Uí Brigti, géag na bhFothart, nasc díreach le Bríd, mar is léir ón ainm.[1] Feictear Uí Ercáin, géag Uí Meic Cruaich, fo-chlann na bhFothart, in Vita tripartita Sancti Patricii, agus gaol ar leith acu le Pádraig, a bheannaigh iadsan agus a rí Fergna mac Cobthaig.[2] Luaitear Fergna fosta i mbeathaisnéis Fionntán Teach Munna, ina a bhuaileann sé leis an naomh in campo Lyffi (ar mhá na Life').[3]

Ó lár na 8ú haoise go dtí 1042, bhí ríogacht na Laigean i gceannas Uí Dúnlainge. Chosain siad a gcuid leas trí phósadh pholaitiúil le Sárnat, iníon Eochach na bhFothart.

Mharaigh beirt ríthe na bhForthart, Fergus mac Móenaig agus Dub dá Chrich mac aui Cellaig mec Triein, i gCath Átha Seanaigh (Baile Sonnáin, gar do Chill Chuillinn) sa bhliain 738, i mbun cogaidh ar son Aodha, rí Laigean.[4]

In ainneoin mheath a gcuid cumhachta pholaitiúla, sholáthraigh fós na Fothairt roinnt príomhchléire i gCill Dara.[5]

  • Fothairt Airbreach: beirt bhan-abaí, Sebdann (bás 732) agus eile (bás 750)
  • Forthairt Fea: beirt bhan-abaí, Coblaith (bás 916) agus Muireann (bás 964)
  • Uí Chúlduib: beirt bhan-abaí, Muireann (bás 918) agus Eithne (bás 1016)

Feictear fosta in 'Vita Tripartita' gur bheannaigh Pádraig Uí Ercáin, agus gur gheall sé nach gcuirfí iad faoi smacht rí eachtraigh, ach go mbeadh a mbreithiúnas acu, laistigh a gcríocha féin.[6]

Tá na Fothairt luaite Leabhar Ua Maine, agus caomhnaítear a nginealaigh i Leabhar na nGinealach, Leabhar Mór Leacáin, Bodleian Library LS Rawlinson B 502 agus Rawlinson B 512.

Tagairtí sna hannála

cuir in eagar

Gach tagairt as Annála na gCeithre Máistrí (M).

# Meán-Ghaeilge Gaeilge
284.1 Iar m-beit seacht m-bliadhna décc h-i ríghe n-Ereann do Cairbre Liffechair do-cer[7] i c-cath Gabhra Aichle, do laimh Sémeoin, mic Cirb, do Fothortaibh... Tar éis do Chairbre Lifeachair seacht mbliana déag i ríogacht Éireann, thit sé i gCath Gabhra Aichle, ag láimh Séimeoin mhic Cirb Uí Fothart
663.5 Cernach Sotal, mac Diarmatta, mic Aodha Sláine, d'écc (imaille ris an n-druing remhrá do mortladh tuargaibh i n-Erinn h-i Kallainn August na bliadhna-sa h-i Muigh Iotha, h-i Fothartaibh. Cearnach Sotal mac Diarmada, mhic Aodha Sláine, d'éag, ... de mhortladh a tharla in Éirinn, i Lúnasa na bliana seo, i Maigh Iotha, i bhFothairt
733.4 Batar ... Fergus mac Maenaigh & Dubh Da Chrioch dá tigherna Fothart Fearghas mac Maonaigh agus Dubh Dá Críoch, beirt thiarnaí Fothart, do thit
749.8 Foirtbhe Fothart Fea d'Osraighibh. Díobhadh Fothart Feá d'Osraí
813.5 Ainbhcheallach, mac Daelghusa, tigherna Ua Fothaidh Tíre, d'écc. Ainbhcheallach mac Daolghasa, tiarna Uí Fhothart Tíre, d'éag.
845.9 Cathal, mac Cosccraigh, tigherna Fotharta, do mharbhadh la h-Ui Néill. Cathal mac Cosgraigh, tiarna Fothart, do mharú ag Uí Néill.
849.14 Flannchadh, mac Aongusa, tigherna Ua Fothadh Tíre, d'écc. Flannchadh mac Aonghasa, tiarna Uí Fhothart Tíre, d'éag.
854.11 Dunlang, mac Duibh Dúin, tighearna Fotharta Tíre, d'écc. Dunlang mac Dubh Dúin, tiarna Fothart Tíre, d'éag.
863.10 Colmán, mac Dúnlaing, tighearna Fothart Tíre, do mharbhadh la a chloinn féisin. Colmán mac Dúnlaing, tiarna of Fothart Tíre, do mharú ag a chlann féin.
897.2 Fogartach, mac Flainn, abb Lathraigh Briuin, & tighearna Fothart Airthir Life, d'ég. Fogartach mac Flainn, abb Lathraigh Bhriúin, agus tiarna Fothart Oirthir Life, d'éag.
937.14 ... Oillill mic Aengusa, tighearna Ua f-Fothaidh... Oillill mhic Aonghasa, tiarna Uí Fhothadh
966.8 Ruaidhri, mac Maol Martain, tigherna Fothart, do mharbhadh. Ruairí mac Maoil Mhartáin, tiarna Fothart, do mharú p
1017.13 Muiredhach, mac Muirchertaigh, tigherna Fothart, do mharbhadh. Muireadhach mac Muircheartaigh, tiarna Fothart, do mharú
1018.17 Ruaidhri, mac Faoláin, tigherna Fothart, do mharbhadh. Ruairí mac Faoláin, tiarna Fothart, do mharú
1022.10 Domhnall, mac Ceallaigh, flaith Fothart, do mharbhadh. Domhnall mac Ceallaigh, flaith Fothart, do mharú
1133.15 ... Eochaidh Ua Nualláin, tigherna Fothart, do thuitim i c-cliathadh... Eochaidh Ó Nualláin, tiarna Fothart, do thit i gcliathach[8]
1141.16 Creach-shluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i f-Fothartaibh Airbhreach, & ro oircc dream d'Feraibh Midhe, & d'Fhothartaibh, & regles h-Uí Dhúnáin. Creach-shlua ag Toirrdhealbhach Ó Conchúir i bhFothairt Airbhreach agus maraíodh dream d'Fir Mhí agus d'Fhorthairt agus ríthe Uí Dhúnáin.
  • Early Christian Ireland, ll. 14, 99, 102, 104, 116, 236, 534, 576, 674, 676, 678, 684, 685, 690, 693, 695, 705, le Thomas Charles-Edwards, Cambridge, 2000.
  • Irish Kings and High Kings, lch. 45, Francis John Byrne, 3ú heagrán, Baile Átha Cliath, 2001.
  • Early Irish Saints’ Cults and their Constituencies, ll. 72–102, Ériu 54, T.M. Charles-Edwards, 2004.
  • Ireland, 400-800, Dáibhí Ó Cróinín, ll. 98 ff., in A New History of Ireland, imleabhar 1, 2005. ISBN 0-19-821737-4
  • Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Paul MacCotter, Four Courts Press, 2008. ISBN 978-1-84682-098-4

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Dáibhí Ó Cróinín, lch. 198
  2. Dobert Pátraic bendachtain ... for Ua hErcá huili
  3. ibid, lch. 197
  4. ibid, lch. 200
  5. ibid, lch. 586
  6. ibid, lch. 873
  7. do-cer, tit, ar eDIL
  8. Var. of 2: cliathadh, cath, teanglann.ie

Teimpléad:Laigin