Is éard atá i gceist le cinéistéis[1] ná na mothúcháin a airítear maidir le hionad is gluaisne na colainne is na ngéag, agus na fórsaí a chuireann na matáin i bhfeidhm. Na horgáin chéadfacha atá freagrach as seo, atá lonnaithe sa chraiceann is na hailt, agus sna matáin féin go háirithe. Is leithne fós féinaireachtáil a chuimsíonn eolas ar staidiúir is gluaisne nach n-airítear go comhfhiosach, chomh maith leis na céadfaí cothromaíochta, rothlaithe is luasghéaraithe línigh cheartingearaigh is chothrománaigh de bharr spreagadh na n-orgán cuasánach sa chluas inmheánach.[2]

  1. “cinéistéis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-29.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cinistéis (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.