Teicníocht chun teacht in ionad sreangaithe ar leith idir comhbhaill i gciorcaid leictreonacha. Déantar é trí líonra rianta tanaí miotalacha a dheascadh ar fud an bhoird, ceangail mhiotalacha leis an mbord is na comhbhaill leictreonacha a shádráil ar an taobh eile den bhord, nó ó timpeall 1990, ar an taobh céanna leis na rianta. Úsáidtear an teicníocht seo chun ciorcaid iomlánaithe is slisní eile a insealbhú ar bhoird le húsáid mar aonaid plugála isteach i ríomhairí, teilifíseáin, teileafóin is feistí eile leictreonacha. Is féidir ciorcaid phriontáilte a olltáirgeadh, agus mar sin is féidir a gcóimeáil sa bhfeiste dheireanach a uathoibriú go héasca. Faoi seo bíonn cuid mhaith ciseal i mbord casta, agus an-chuid comhbhall.[1]

Cuid de bhord ríomhaire an Sinclair ZX Spectrum, ón bhliain 1983

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ciorcad priontáilte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 138.