Ciorcad scrofa
Feiste nó ciorcad a úsáidtear chun sábháilteacht córas cumarsáide — comharthaí gutha, sonraí nó físe — a chosaint. Códaítear an bunchomhartha leis an bhfeiste scrofa roimh tharchur, agus ansin ag an nglacadóir athdhéantar an comhartha ina bhunfhoirm. Cuireann an teicníocht bac ar dhaoine gan údarás teacht ar an gcomhartha le linn an tarchuir.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ciorcad scrofa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 139.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |