Is éard is cisealú[1] ann ná próiseas ina leagtar amach ábhair de shaghas carraigeacha ina gcisil. Sa gheolaíocht, is próiseas nádúrtha é a tharlaíonn thar na cianta. Leagtar ciseal i ndiaidh cisil chomhthreomhair de charraigeacha. Is féidir na sraitheanna ciseal seo a iniúchadh, comhdhéanamh na gcarraigeacha i ngach ciseal a fháil amach, agus na hiontaisithe atá sáinnithe i ngach ciseal a thástail chun a n-aoiseanna a ríomh. Ba é Charles Lyell a thaispeáin den chéad uair conas seo a dhéanamh chun na réanna geolaíocha a leagan amach.[2]

Cisealú

Tagairtí cuir in eagar

  1. “cisealú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cisealú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 140.