Clíodna Cussen

dealbhóir agus scríbhneoir Éireannach

Ba dhealbhóir, fhile agus scríbhneoir í Clíodna Cussen (19321 Lúnasa 2022). Tá sí áirithe ar dhuine de shárdhealbhóirí na hÉireann agus tá a cuid saothar le feiceáil in áiteanna poiblí ar fud na tíre, i mBaile Átha Cliath go háirithe.[1][2]

Infotaula de personaClíodna Cussen
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1932
An Caisleán Nua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Lúnasa 2022
89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmdealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéilePádraig Ó Snodaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is i mBaile Átha Cliath a chaith sí an chuid is mó dá saol, áit ar chruthaigh sí saothair ealaíne a bhain clú agus cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach i gcaitheamh na mblianta.[3]

Thar aon ní eile, is iad na dealbha cré-umha agus cloch a mhúnlaigh agus a shnoigh sí is mó a fhágann sí le huacht ó tá a lán acu crochta in áiteanna poiblí ar fud na tíre. Áirítear ina measc An Chloch Fhada i gceantar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, Cé a Rinne an Domhan? i nDroichead na Dothra agus an dealbh de Naomh Pádraig i Mám Éan i gConamara.

Dealbh Cussen de chuid Naomh Pádraig, Máméan i gConamara.

Beatha cuir in eagar

Saolaíodh Cussen i gCaisleán Nua Thiar i gContae Luimnigh sa bhliain 1932.

D'fhreastail sí ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath agus i bhFlórans, san Iodáil.[3] Ag saothrú le cré-umha agus le cloch is mó a bhíonn sí. Chomh maith leis sin, tá saothar grafaicí déanta aici don Stiúideó Grafach i mBaile Átha Cliath.

Bhí Cussen pósta le bunaitheoir an chomhlachta foilsitheoireachta Coiscéim, an staraí Pádraig Ó Snodaigh; bhí seisear clainne orthu, baill de chuid Kíla ina measc agus TD de chuid Sinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

 
The Herbert Park Hotel - Who Made The World

Saothair cuir in eagar

 
An Gallán Gréine - Clíodna Cussen (1983) , Dumhach Thrá, BÁC

Tá saothar Cussen léirithe go forleathan agus ghnóthaigh sí duais dá dealbhóireacht ag an Oireachtas, chomh maith le Bonn Órga don dealbhóireacht as Lios Tuathail. Bronnadh go leor coimisiún oibre poiblí uirthi agus tá a dtorthaí le fáil ar fud na hÉireann, agus bhí dealbha á ndéanamh go deireadh a saoil aici. Le cloch agus cré-umha is mó a d'oibríodh sí.[4]

Ar na saothair is cáiliúla léi, tá an an dealbh Steine nó ‘An Chloch Fhada’ atá lonnaithe san áit a dtagann Sráid an Phiarsaigh agus Sráid an Choláiste le chéile. Cuireadh macasamhail na Cloiche Fada (Ivar the Boneless' Pillar) in airde sa bhliain 1986, suíomh na bunchloiche Lochlannachaí a chuireadh ann chun cosc ​​a chur ar na longa fada rith cladaigh a thabhairt.[5]

Is í a rinne an dealbh ‘Who Made The World’ i nDroichead na Dothra.

Sa bhliain 1986, rinne sí dealbh de Naomh Pádraig lena léirítear é mar aoire agus caoirigh taobh leis. Ag láthair oilithreachta r Mhám Éan i gConamara atá an dealbh.[6]

Ar na saothair eile is cáiliúla léi, tá an Gallán Gréine le feiceáil i mBaile Gaelach.

 
"An Priosunach"

Leabhair cuir in eagar

Chomh maith le líon mór leabhar agus féilirí a dhearadh, foilsíodh leabhair dá cuid féin freisin.

Leabhair eile cuir in eagar

  • Trupall Trapall, Oifig an tSoláthair (1972)
  • Síle Bhuí, Oifig an tSoláthair (1975)
  • Buile Shuibhne, Conradh na Gaeilge (1976)
  • Tomhais, Oifig an tSoláthair (1977)
  • Éalú ón gCaisleán, Oifig an tSoláthair (1978)
  • Mat agus Muta, Clódhanna Teoranta (1978)
  • Gearóid Iarla, Clódhanna Teoranta (1978)
  • An Droch Shaol, Clódhanna Teoranta (1980)
  • Bainne na Bó (i dteannta Mairéad ní Chinnéide), An Gúm (1986)
  • Some Observations on Stone, Aisling Press, (1988)
  • Torfinn, Coiscéim (1988)
  • An Bhean úd Thall, Bord na Gaeilge (1990)
  • An Eala Dubh, Coiscéim (1996)
  • Conal agus Údaí, Coiscéim (2005)
  • Ar Dheisiúr na Gréine, Coiscéim (2006)
  • Tiompán Tráthnóna, Coiscéim (2017)
  • Bhíodar Aréir Ann, Coiscéim (2019)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cliodhna Cussen, an dealbhóir agus údar Gaeilge aitheanta, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-05.
  2. "Clíodna Cussen" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2022-12-25.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-08-02). "An scothdhealbhóir Clíodna Cussen tar éis bháis" (as ga). 
  4. "Na Gaeil a d’imigh ar shlí na fírinne in 2022…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-31.
  5. dublincity.ie (2017). "VL013 Long Stone". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-18. Dáta rochtana: 2022.
  6. "Máméan Pilgrimage". Ard-Mhúsaem na hÉireann. “Dealbh de Naomh Pádraig a léirítear mar aoire agus caoirigh toabh leis a rinne Cliodna Cussen i 1986.”
  7. ".ie/leirmheas-ar-an-eochair-le-cliodhna-cussen/ Léirmheas ar An Eochair le Clíodhna Cussen". Dáta rochtana: 25 Feabhra 2019.
  8. "Idir Dhá Sháile le Cliodna Cussen". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2022-08-05.