Coláiste Liam agus Mháire
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ollscoil phoiblí na n-uasalealaíon (cé go bhfuil an t-ainm stairiúil "Coláiste" uirthi) is ea Coláiste Liam agus Mháire i Virginia (Béarla: The College of William and Mary in Virginia). Tá an Coláiste suite i Williamsburg, cathair stairiúil i gceantar thoir theas Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1692 nuair a bhronn an Rí Liam III agus an Bhanríon Máire II a chairt ríoga air (ag an am sin, bhí Virginia ina choilíneacht Shasanach). Níor cuireadh tús leis an múinteoireacht go dtí 1697 áfach, mar go raibh ionsaithe na Meiriceánach Dúchasach ar siúl go minic i gceantar Jamestown ag an am sin. Dá bharr sin, cé gurb í Coláiste Liam agus Mháire an chéad ollscoil a bhfuil cairt aici i Meiriceá, is í Ollscoil Harvard an chéad ollscoil a cuireadh i bhfeidhm i Meiriceá (agus is í Coláiste Liam agus Mháire an dara ollscoil is sine i Meiriceá).
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ollscoil phoiblí taighde Colonial Colleges (en) ![]() Original Public Ivy (en) ![]() public educational institution of the United States (en) ![]() ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1693 |
Bunaitheoir(í) | James Blair (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Oak Ridge Associated Universities (en) ![]() LIGO Scientific Collaboration (en) ![]() Coalition for Networked Information (en) ![]() ![]() |
Líon scoláirí | 8,484 (2015) ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceannceathrú |
|
Líon fostaithe | 2,811 (2020) ![]() |
Fochomhlacht | |
Suíomh gréasáin | wm.edu ![]() |
Níl aon cheangal ag an ollscoil le creideamh nó reiligiún ar bith.
I measc céimithe na hollscoile, tá:
- George Washington (an chéad Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá; fuair sé ceadúnas suirbhéireachta ón gcoláiste agus é ina dhéagóir. Tháinig sé mar shansailéir na scoille ó 1788 go 1799.
- Thomas Jefferson (údar Fhorógra Saoirse Mheiriceá, tríú hUachtarán na Stát Aontaithe, agus bunaitheoir Ollscoil Virginia)
- James Monroe (cúigiú Uachtarán na Stát Aontaithe)
- John Marshall (an ceathrú ardbhreitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe)
I measc na ndaoine atá baint acu leis an ollscoil, tá:
- Margaret Thatcher: iar-sheansailéir na hollscoile
- Henry Kissinger: iar-sheansailéir na hollscoile
TagairtíCuir in Eagar
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |