Is comhaontú stairiúil agus tábhachtach é Comhaontú Trefaldwyn (Breatnais:Cytundeb Trefaldwyn) a síníodh nuair a tháinig an Prionsa Llywelyn ap Gruffudd (Breatnais:Tywysog Cymru) agus Anraí III Shasana le chéile ar 29 Meán Fómhair 1267. Sa chomhaontú, d’aithin Rí Anraí III Shasana (a bhí i réim idir 1216 agus 1272) seasamh Llywelyn mar Phrionsa na Breataine Bige, agus an ceart aige ómós a fháíl ó gach prionsa agus tiarna Breatnach. Síníodh an comhaontú "ag an áth", is é sin Rhyd Chwima, agus Ottobuono de' Fieschi, ambasadóir an Phápa[1] i láthair , ar Afon Hafren in aice le Aberriw, timpeall dhá mhíle go leith siar ó thuaidh ó Trefaldwyn, Powys. Ní bhfuair Llywelyn ómós ó Mharedudd ap Rhys ó Trefaldwyn go dtí 1270, [2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontú Trefaldwyn
Íomhá
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deionradh na Normannach ar an mBreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Meán Fómhair 1267 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTrefaldwyn, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bhreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

Criostalaíodh Comhaontú Trefaldwyn an méid a bhí Llywelyn ag iarraidh a bhunú, sé sin an Bhreatain Bheag a bheith faoi smacht ríochta lárnaí i Gwynedd.[3] Bhí rud éigin bainte amach ag Llywelyn nach raibh bainte amach ag a sheanathair, Llywelyn ap Iorwerth, sa bhliain 1216, agus ba choincheap é a bhí ina ghné thábhachtach de chóras feodach na linne, mar a bhí in úsáid i Sasana, ómós a fháil ó rialtóirí dúchais. Bhí ómós riachtanach do rialtóir chun a stádas agus a chumhacht a bhunú agus a dhaingniú i measc a mhuintire.

Seo an chéad uair a d’aithin Rí Shasana cearta Phrionsa na Breataine Bige. Mar rialtóir Gwynedd agus le húdarás an teidil Prionsa na Breataine Bige, thabharfadh prionsaí agus tiarnaí dúchasacha eile na Breataine Bige ómós do Llywelyn, agus is é féin amháin a thabharfadh ómós do Rí Shasana. Chiallaigh sé seo gur shealbhaigh siad a gcuid tailte trí dhualgais a chomhlíonadh do Llywelyn - mar shampla, seirbhís mhíleata agus freastal ar a chúirt. Bhí freagrachtaí ag baint le hómós a thabhairt do Llywelyn, agus d’fhéadfaidís na tailte a chailleadh dá mbeidís mídhílseach leis. [3] [4]

  1. J. Beverley Smith, Llywelyn ap Gruffudd, Tywysog Cymru (Caerdydd, 1986), tt. 153-6.
  2. Davies, John. (2007). "Hanes cymru.": 142. Penguin Books Ltd. ISBN 0-14-028476-1. OCLC 153576256. 
  3. 3.0 3.1 Carpenter. "Confederation not Domination - Welsh political culture in the age of Gwynedd Imperialism": 20. 
  4. Oes y Tywysogion | Llyfrgell Genedlaethol Cymru”. www.llyfrgell.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.