Conor McGregor
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is trodaí proifisiúnta Éireannach UFC, nó comhraiceoir ealaíon measctha, é Conor Anthony McGregor nó Conchúr Antóin Mac Gréagóir (a rugadh ar an 14 Iúil 1988). The Notorious an leasainm atá air. Ghlac sé páirt sna rannóga éadrom-mheáchain, cleitmheáchain agus i marcmheáchain le linn a ghairme agus bhuaigh sé criosanna curaidh éadrom-mheáchain agus cleitmheáchain.[1]
A shaoil
cuir in eagarIs as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath é ó dhúchas. is iad Tony agus Margaret McGregor a thuismitheoirí.[2] Erin agus Aoife na hainmneacha atá ag a bheirt deirfiúracha.
Bhog a theaghlach go Leamhcán nuair a bhí sé ina dhéagóirí. D’fhreastail sé ar Ghaelscoil Choláiste de hÍde, Tamhlacht,[3] agus ar Ghaelcholáiste Chois Life i Leamhcán ina dhiaidh sin[4]. Fuair sé a chuid oideachais ar an iomlán trí Gaeilge.
Bhí cúrsaí spórt gar dá chroí ó aois óg. Thosaigh sé ag dornálaíocht ag dhá bhliain déag d’aois le ‘Crumlin Boxing Club’[5] go dtí seacht mbliana déag d’aois. Bhí suim aige í gcúrsaí peile freisin agus thosaigh sé ag imirt do ‘Lourdes Celtic Football Club’ go luath tar éis a tosú sé ag dornálaíocht[6]. Bhí sé ina dhéagóirí déanacha nuair a thosaigh sé ag traenáil sa spórt ealaíona comhraic measctha [7].
Sa bhliain 2008, bheartaigh a chuid tuismitheoirí chun bogadh go Leamhcán, ba mhór an rud é seo a Conchúr díreach cosúil le haon déagóir eile. É sin ráite, cheap sé go raibh sé ar cheann de na rudaí ab fhearr dó [8]. Thosaigh sé ag traenáil i 'Straight Blast Gym' , John Kavanagh an t-ainm don cóitseálaí.
Bhí imní ag a thuismitheoirí nach raibh aon rud beartaithe aige nuair a d’fhág sé an scoil. Fuair sé oiliúint mar phluiméir printíseach agus chaith sé bliain amháin ann [9].
Conspóidí
cuir in eagarIn 2024, dúirt bean 35 bliain d'aois gur ghoill sé go mór uirthi nuair a chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan an dlí a chur ar McGregor a raibh sé curtha ina leith aici gur éignigh sé í. Bhí sé á mhaíomh ag an mbean, Nikita Hand (nó Nikita Hand), gur éignigh Conor McGregor agus fear eile í in óstán i mBaile Átha Cliath ar an 9ú Nollaig 2018.[10][11]
Stair a chuid troideanna
cuir in eagar2007
cuir in eagarEalaíona comhraic amaitéaracha
cuir in eagarI mí Feabhra 2007 bhí a chéad troid aige sna healaíona comhraic measctha amaitéarach i gcoinne Ciaran Campbell agus d’éirigh leis[9].
Gairme sna healaíona comhraic
cuir in eagar2008
cuir in eagarBa é 2008, an chéad uair a rinne Mac Gréagóir dreach ghairmiúil ar troid MMA. Sa bhliain seo thosaigh sé ag traenáil i 'Straight Blast Gym' le John Kavanagh [12]. Ba é Gary ‘The Dumptruck” Morris a chéile comhraic. Bhí sé seacht mbliana déag d’aois ag an am agus Morris ocht mbliana déag d’aois. Bhuaigh Mac Gréagóir sa dara babhta den troid le bua TKO [13]. I mhí Meitheamh sa bhliain cheanna, bhí Mac Gréagóir ag chur leis an triail. Bhí sé ag troid i gcoinne Sitenkov agus thapáil sé amach tar éis nóiméad amháin agus naoi soicind [9]. Is léir go raibh tionchar mhór ag an lá seo ar Mac Gréagóir, ní raibh sé le feiceáil sa SBG ar feadh seachtainí tar an an chaillteanais[9]. Bhí imní ag a mháthair Margaret toisc nach raibh sí sásta le na daoine a bhí a bhfuil a mhac leis agus cheap sí nach bhfuil Conchúr sásta nuair nach bhfuil sé ag traenáil. Ghlaoigh sí ar John Kavanagh chun cabhair a fháil agus ar feadh cúpla mí tháinig Mac Gréagóir ar áis go dtí an fáinne troid[8]. Stephen Bailey an t-ainm a bhí ar an gcéad chéile comhraic eile an uair seo bhí bua iontach ag Mac Gréagóir [9].
2010
cuir in eagarGhlac Mac Gréagóir sos ón troid. Bhí sé ag traenáil go dian áfach, agus chuaigh sé ar ais sa bhliain 2010 don chúigiú babhta gairmiúil. Bhuaigh sé 2-1 agus is é an troid chruthaigh sé sin gur ealaíontóir comhraic measctha oilte é gan dabht [9]. I mí na Samhna, ghlac Mac Gréagóir páirt ina chéad troid ar son 'Cage Warriors' [14]. Bhí sé in aghaidh cheann de na trodaithe is fearr MMA san Eoraip 'Joe Duffy' agus níor éirigh leis [9]. Léirigh Mac Gréagóir a chuid scileanna, áfach. Chuir sé troid iontach ar bun.
2011
cuir in eagarFeabhra 2011 ba é an chéad troid eile de Mac Gréagóir. An am seo le fear as tuaisceart na hÉireann, Hugh Brady. Bhí siad comhoiriúnach go maith. Mac Gréagóir 4-2 agus Brady 4-1 roimh an gcluiche. Bhí Mac Gréagóir os a chionn ag tabhairt buillí láimhe clé dó, tar éis dhá nóiméad tríocha soicind chuaigh deireadh leis an gcluiche [9]. Bhí sé arís ar bharr a cluiche ag éirí níos fearr gach cluiche a raibh sé le feiceáil. Ba é seo tús rud éigin eisceachtúil. Tar éis an teacht ar ais seo chuaigh Mac Gréagóir ar trí déag troid as a chéile nár buaileadh sé [15]. Mhí ina dhiaidh sin ní raibh sé ach ceithre shoicind sa troid gur bhuaigh McGregor an bua i gcoinne Mike Wood[9]. Ní raibh aon ghá dó fiú dorn a chosaint ba chluiche é ón tús[16]. Ag lá an 11ú Meitheamh, léirigh Conchúr a fhíor-scileanna MMA. Tar éis an chéad bhabhta diana níor éirigh an fear as an Pholainn, Artur Sowinski go dtí deireadh an dara Bhabhta [16]. Tar éis an troid seo tairgeadh é don Cage Warriors arís, tar éis chéad iarracht bhocht an bhliain roimhe sin [9]. Ar fhilleadh dó Cage Warriors bhí sé i gcoinne Aaron Jahnsen[15]. Cé go raibh Jahnsen 8-2, bhí cuma ag Mac Gréagóir mar an fear is fearr. É sin ráite d'éirigh leis, chun an cigiú TKO bua as a chéile.
2012
cuir in eagarBhí gá le sos tuillte go maith, tar éis an bhliain lán le bua í 2011. Rinne sé a theacht ar ais tar éis cúig mhí an am seo í gcoinne Steve O'Keefe [15]. Ní raibh aon crochadh thart arís agus chríochnaigh sé le haghaidh bua do Mac Gréagóir i mbabhta a haon, nóiméad amháin tríocha trí soicind[17]. D’athraigh sé ó mheáchan éadrom go meáchan cleite don troid seo. Bhí sé in ann 145lb a ghearradh agus is fíor a rá go raibh sé seo dian do Mac Gréagóir ach é sin ráite bhí sé diongbháilte[9]. Dhaingnigh sé seo bua 2-0 dó do Cage Warriors. Shocraigh sé chun dul ar ais go mheáchan éadrom arís chun dul i ngleic le Ivan Buchinger ar an lá deiridh den bhliain chun an teideal éadrom a fháil. Bua KO a bhí ann i mbabhta a haon tar éis trí nóiméad daichead soicind do Mac Gréagóir[18].Ba é na scileanna agus an teicníc den scoth chomh maith le a lámh chlé chun críochnú [19]. Sin na rudaí a thug Mac Gréagóir ar cheann de na daoine ba mhó a labhair faoi i MMA ag an am sin.
2013
cuir in eagarSa bhliain seo rinne Mac Gréagóir an chéad chuma UFC den chéad uair. Ag an am seo bhí idir theidil meáchain chleite agus éadroma aige don Cage Warriors. 6ú Aibreán an lá den chéad troid UFC de Mac Gréagóir. Leag sé amach an fear Meiriceánach, Marcus Brimage tar éis seasca seacht soicind i mbabhta a haon[20][21]. Chomh maith le sin bunaigh duais $60,000 bónas do KO den oíche [22]. Tháinig an chead troid eile i mí Lúnasa, Max Holloway an fear ag an am seo[23]. Troid fhada, tuirsiúil ab ea é agus bhuaigh Mac Gréagóir den tríú babhta cinneadh d’aon toil a bhí ann[24]. Phioc an bheirt fhear gortuithe suas le linn an troid[25].Strac Mac Gréagóir a ACL le linn na troda ach é sin á rá lean sé ar aghaidh[20]. Chiallaigh é seo nach raibh sé ag troid ar feadh beagnach bliain[20].
2014
cuir in eagarRinne Mac Gréagóir an teacht ar ais i mí Iúil an am seo ina áit dúchais, Baile Átha Cliath[27]. Socraíodh an cluiche don 19 Iúil i gcoinne Cole Miller ach d'athraigh sé toisc gur ghortaigh sé a lámh[28]. Bua KO eile do Mac Gréagóir arís sa chéad babhta. Chaill Diego Brandao an troid ó lámh chlé ó Mac Gréagóir[29]. Fuair sé bónas ‘feidhmíocht na hoíche’ ón UFC agus é $ 50,000[30]. Ní raibh sé ach trí lá ina dhiaidh sin gur fógraíodh troid eile. Is fíor a rá ón lá seo go dtí la an troid is iomaí na focail a ritheadh idir an bheirt [22]. Arís TKO eile, taobh istigh den chéad dá nóiméad. Thosaigh Mac Gréagóir ar thús láidir agus ní raibh seans ar bith ag Dustin Poirier ón dtús [31].
2015
cuir in eagarEagraíodh troid ansin i gcoinne Dennis Siver[32]. Is ráite gur dheimhnigh Uachtarán UFC Dana White go n-áiritheoidh bua thar Silver iarracht ina choinne curadh meáchain cleite UFC, Jose Aldo [33]. Ainneoin a chuid cainteanna ba bhua an dara babhta é i gcoinne Siver [34]. Tamall beag ina dhiaidh sin eagraíodh troid a raibh gach duine ag súil go mhór leis, Jose Aldo. Bhí sé beartaithe a bheith i Las Vegas ar 11 Iúil [22]. Bhí sé ag Aldo chun éirí as an gcomhrac geallta mar gheall ar gortú a phioc sé suas[20]. Ba é Mendez an t-athsholáthar, bhí sé crua ach bhí Mac Gréagóir níos fearr[35]. Tar éis an chéad crua babhta d'éirigh Mac Gréagóir le bua TKO sa dara babhta[20]. Ba é a bhealach isteach a chuir iontas ar shlua na hÉireann, ná Sinead O'Connor ag canadh an 'The foggy dew'[36].
Ní bréag ar bith a rá nach raibh Mac Gréagóir ag fanacht tamall fada don troid le Aldo. Bhí sé eagraithe bheadh sé ar siúl an dara lá déag de Nollaig an bhliain sin[37]. D'úsáid Mac Gréagóir cumhacht a ghutha agus a fhocail chun iarracht a chuid is fearr chun Aldo imeaglú[38]. Ba chosúil go n-oibreodh sé trí soicind déag a thóg sé chun bua a fháil do Mac Gréagóir, ba é an teideal domhanda ufc is gasta é. Ghlac sé teideal WEC agus UFC ar feadh bliana Aldo agus ghnóthaigh sé an bónas "Feidhmíocht na hOíche" freisin[39]. Trí cinn de na troideanna is mó in aon bhliain amháin, bronnadh teideal tuillte go maith Trodaire na Bliana MMAFighting.com ar Conchúr Mac Gréagóir[39].
2016
cuir in eagarTar éis an bua i gcoinne Aldo, ba mhaith le Mac Gréagóir chun bogadh go meáchan éadrom. An chúis le seo na theastaigh uaidh a bheith ina churadh dé-mheáchain. Bhí troid eagraithe i gcoinne Rafael doe Anjos dem 5ú Márta ach ag an 23ú Feabhra b’éigean dó seasamh síos toisc gur mar bhris sé a chos[40]. Chinn Nate Diaz tabhairt faoi Mac Gréagóir. Bhí sé trí lá dhéag roimh an troid agus mar gheall ar sin socraíodh meáchan welter den bheirt. Sin an lá a tháinig an chéad caillteanas den UFC. Bhí Mac Gréagóir láidir sa chéad babhta ach nuair a chuir Diaz 'choke hold' ag Mac Gréagóir den dara babhta níl aon rogha aige ach tapáil amach. É sin ráite fuair Mac Gréagóir díoltas air i Lúnasa. Bhuaigh sé sa chúigiú babhta i gcoinne Diaz[41]. Bhí an crios éadrom fós in intinn Mac Gréagóir chuir sé a chuid aislingí i gcrích ar an 27ú Meán Fómhair. Eddie Alvarez an t-ainm den fear ina bhfuil sé i gcoinne agus fuair Mac Gréagóir KO sa dara babhta[42]. Rinne sé stair an lá seo, an chéad fear sa UFC ina bhfuil an t-ór sa rannán meáchan cleite agus éadrom ag an an cheanna [43]. Dhá seachtain ina dhiaidh sin bhí sé in ann a theideal meáchan cleite a thabhairt suas[44]. Bhuaigh Jose Aldo an teidil.
2017
cuir in eagarGairme gairmiúil dornálaíochta
cuir in eagarSocraigh Mac Gréagóir sos a ghlacadh ar feadh cúpla mí mar ba é an t-am a rugadh a chéad leanbh, Conor Jack McGregor [45]. Sa mhí Mheithimh, áfach socraigh sé rud difriúil a dhéanamh. Bhí troid dornálaíocht beartaithe i gcoinne Floyd Mayweather. Bhí bhí sé ar tí scoir, daichead bliain d’aois an bhliain seo [46]. An chéad uair ina bhfuil Mac Gréagóir ag déanamh gairmiúil dornálaíochta i gcoinne an dornálaí is fearr sa domhan. Cé gur bhuaigh Mayweather bua KO i mbabhta a deich, bhí an chuid is mo den cainte ann faoi taispeántas Mac Gréagóir. Chuir Mac Gréagóir troid iontach ar bun agus bhí sé ina iomaitheoir diana do Mayweather i Las Vegas[47].
2018
cuir in eagarBhí an crios éadrom tógtha ó Mac Gréagóir toisc nach raibh sé san iomaíocht san éadrom seo ar feadh beagnach dhá bhliain. Cé go bhfuil troid eagraithe i gcoinne Khabib ag deireadh an bhliain[48]. Is léir nach raibh Mac Gréagóir sásta leis an gcinneadh seo, chuir sé post ar Twitter ar an 5ú lá de Aibreán ag míniú a ag míniú a frustrachais agus a díomá [49]. Bhí ag Mac Gréagóir tapáil amach sa cheathrú babhta[50], ach tar éis an throid seo i gcoinne Khabib bhris troid amach le baill den dá fhoireann[51]. Rud nach bhfaca UFC riamh.
2019
cuir in eagarD’fhógair an trodaire tríocha bliain d’aois go bhfuil sé ag scor ó MMA cúig mhí ina dhiaidh an troid le Khabib.Ag an am seo bhí taifead MMA aige de fiche bua agus ceithre bhuille[52]. É sin ráite, cheap a lán daoine go bhfillfeadh sé ar ais.
2020
cuir in eagarAinneoin a scoir rinne Mac Gréagóir teacht eile ar ais. An chéad chuma ó 2016 i gcoinne Donald Cerrone[53]. Ní raibh sé ach daichead soicind a maireann an troid. Tá stair déanta arís ag Mac Gréagóir. Is é chéad trodaí a bhuaigh KO ag meáchan cleite, ag meáchan éadrom agus anois meáchan welter[54].
2021
cuir in eagarNí bheidh sé a thabhairt suas. Cé gur fhógair sé scor den dara huair tar éis an troid i 2020. Sa bhliain seo, 2021 bhí ag Mac Gréagóir a athimirt le Dustin Porier. Is ráite gur bhuaigh Mac Gréagóir an chéad bhabhta ar chártaí scór na mbreithiúna go léir. Is den dara babhta fuair Mac Gréagóir sé cos marbh agus ba é an am a d’éirigh leis an Porier agus bhuaigh sé den KO [55][56].
Conspóidí
cuir in eagarAr an 2 Samhain 2024, san Ard-Chúirt in Éirinn, d'éirigh le Nikita Hand sa chás sibhialta a thug sí in aghaidh McGregor. Ba é breithiúnas an ghiúiré gur éignigh Conor McGregor í in 2018 i mBaile Átha Cliath. Damáistí luach beagnach €250,000 a cheadaigh an giúiré do Nikita Hand. Dúirt Hand i dtús an cháis gur loiceadh uirthi nuair a chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan an dlí a chur ar McGregor.[57]
Fiontair ghnó
cuir in eagarSheol Mac Gréagóir fuisce nua Éireannach sa bhliain 2018. 'Proper no 12' an t-ainm atá air ("12" as an cód poist Baile Átha Cliath a Dó Dhéag (Cromghlinn).[58][59][59][60] Cheannaigh Proximo Spirits Proper 12 in 2021 do $600 milliún.[61]
Saol pearsanta
cuir in eagarTá McGregor i gcaidreamh le Dee Devlin le fada, ó 2008 ar a laghad. D'fhógair siad í Lúnasa 2020 go raibh siad geallta. Tá ceathrar clainne orthu.[62] Ar an 6 Bealtaine 2017 rugadh Conor Jack McGregor..[45] Rugadh Croia sa bhliain 2019.[63]
Is Caitliceach é Conor McGregor.
Tá tacaíocht ag Conor do chlub peile aontaithe Manchester United ó bhí sé óg. Chuir sé tacaíocht in iúl freisin do Celtic F.C, agus Paris Saint-Germain mar tá sé an-mhór le Sergio Ramos.
Deir McGregor "Is í an aclaíocht an fhoirm is fearr den leigheas".[64]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Home" (en-US). Conor Mcgregor. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ "Conor McGregor" (en-us). Biography. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Coláiste de hÍde". colaistedehide.ie. Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ Conor McGregor Speaking In Irish (YouTube). Ballsdotie. 31 Márta 2015.
- ↑ "Who is Conor McGregor? Everything You Need to Know" (en-US). www.thefamouspeople.com. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Who is Conor McGregor? Everything You Need to Know" (en-US). www.thefamouspeople.com. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Conor McGregor" (en-us). Biography. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ 8.0 8.1 "Exclusive: Conor McGregor Full Interview" (as en) .
- ↑ 9.00 9.01 9.02 9.03 9.04 9.05 9.06 9.07 9.08 9.09 9.10 Slack, J. (2017) Notorious - The Life and Fights of Conor McGregor: The Life and Fights of Conor McGregor. Kings Road Publishing.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-06). "'Loiceadh ar bhean faoi nár cuireadh an dlí ar Conor McGregor'" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-05). "An giúiré curtha faoi mhionn sa chás i gcoinne McGregor" (as ga-IE).
- ↑ "Dublin's Premier Mixed Martial Arts & Brazilian Jiu Jitsu Gym - SBG Ireland HQ" (en-US). SBG Ireland HQ – Dublin's Premier BJJ & MMA Gym. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "Facing McGregor: Gary Morris on meeting fellow debutant McGregor in 2008" (en-GB). SevereMMA.com - UFC, Mixed Martial Arts (MMA), Irish MMA (2015-01-05). Dáta rochtana: 2021-03-18.
- ↑ "You searched for mcgregor" (en-GB). Cage Warriors. Dáta rochtana: 2021-03-19.
- ↑ 15.0 15.1 15.2 "Conor McGregor made his pro debut 7 years ago, we look at each fight of a notorious career" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-20.
- ↑ 16.0 16.1 "Conor McGregor made his pro debut 7 years ago, we look at each fight of a notorious career" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-20.
- ↑ "Conor McGregor vs Steve O'Keefe Fight Result CWFC 45 - Cage Warrior..." (en). www.mma-core.com. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ "Conor McGregor vs Ivan Buchinger Fight Result CWFC 51 - Cage Warrio..." (en). www.mma-core.com. Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ "Conor McGregor v Ivan Buchinger Full Fight Video" (en-us). Dáta rochtana: 2021-03-21.
- ↑ 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 "Conor McGregor through the years | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "Fight Night Dublin: Conor McGregor vs Marcus Brimage | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ 22.0 22.1 22.2 Paul Dollery. "Conor McGregor's remarkable journey in the UFC began on this day in 2013" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "UFC Fight Night | Shogun vs Sonnen | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "Conor McGregor through the years | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "'Conor was the first one that asked me how I was... He has heart' - Max Holloway" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Vimeo (2017). "Ido Portal x Conor McGregor Movement Culture". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "UFC Fight Night | McGregor vs Brandao | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ Paul Dollery. "Conor McGregor's remarkable journey in the UFC began on this day in 2013" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "UFC Fight Night | McGregor vs Brandao | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Paul Dollery. "Conor McGregor's remarkable journey in the UFC began on this day in 2013" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Dave Doyle (2014-09-27). "McGregor finishes Poirier in first round" (en). MMA Fighting. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "UFC Fight Night | McGregor vs Siver | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ Paul Dollery. "Conor McGregor's remarkable journey in the UFC began on this day in 2013" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ Paul Dollery. "Conor McGregor's remarkable journey in the UFC began on this day in 2013" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-22.
- ↑ "UFC 189 | Mendes vs McGregor | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "VIDEO: Relive the utterly spellbinding moment Sinead O'Connor and Conor McGregor lifted MGM Grand's roof" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "UFC 194 | Aldo vs McGregor | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ Ollikka, N. (2018) ‘“I’m in a league of my own”: A study on the rhetorical devices in Conor McGregor’s speeches’, p. 22.
- ↑ 39.0 39.1 Dave Doyle (2015-12-28). "2015 Fighter of the Year: Conor McGregor" (en). MMA Fighting. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ Jed Meshew (2021-02-04). "Morning Report: Rafael dos Anjos interested in lost bout with Conor McGregor: ‘We already have a history’" (en). MMA Fighting. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "UFC 202 | Diaz vs McGregor 2 | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "UFC 205 | Alvarez vs McGregor | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ 161385360554578 (2020-06-07). "McGregor retires: How 'The Notorious' made UFC history in 2016" (en-US). talkSPORT. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ Mike Dyce. "Conor McGregor relinquishes UFC featherweight belt" (en-us). Sports Illustrated. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ 45.0 45.1 "Learn about Conor Jack McGregor" (en). Famous Birthdays. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ "Remembering Mayweather vs. McGregor, one year later" (en). ESPN.com (2018-08-24). Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "Mayweather vs. McGregor fight results, highlights: Money wins via 10th-round TKO" (en). CBSSports.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "Conor McGregor's response to belt-stripping claim is preposterous" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "https://twitter.com/thenotoriousmma/status/981790292343914496?ref_url=https%3a%2f%2fwww.sportsjoe.ie%2fmma%2fconor-mcgregors-response-155861" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "UFC 229 | Khabib vs McGregor | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "UFC 229 results, Khabib vs. McGregor highlights: All hell breaks loose after Nurmagomedov wins" (en). CBSSports.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ CNBC com with Reuters (2019-03-26). "Ex-UFC champion Conor McGregor announces his retirement — again" (en). CNBC. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "UFC 246 | McGregor vs Cowboy | UFC" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
- ↑ "UFC 246 results, highlights: Conor McGregor stops Cowboy Cerrone in under a minute in return" (en). CBSSports.com. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ ""This man ain't ready for Nurmagomedov. He ain't ready!'"" (en). SportsJOE.ie. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "UFC 257: Poirier vs McGregor 2" (en). www.ufc.com. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-22). "Cás sibhialta in aghaidh Conor McGregor buaite ag Nikita Hand" (as ga-IE).
- ↑ "Conor McGregor’s Future with Proper No. Twelve Irish Whiskey in Question | WhiskyCast". whiskycast.com. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ 59.0 59.1 "About Conor McGregor's Whiskey- Proper No. Twelve" (en). Proper No. Twelve Irish Whiskey. Dáta rochtana: 2021-03-15.
- ↑ "Conor McGregor Reportedly Doubles Net Worth With Sale of Proper No. Twelve Irish Whiskey". HYPEBEAST (2021-03-14). Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ Christian Smith (2021-04-28). "Conor McGregor sells majority of Proper No. Twelve to Proximo Spirits" (en-GB). The Drinks Business. Dáta rochtana: 2024-07-22.
- ↑ "Conor McGregor Biography Facts, Childhood, Net Worth, Life | SportyTell" (en-US). Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ "Learn about Conor McGregor" (en). Famous Birthdays. Dáta rochtana: 2021-03-16.
- ↑ "Exclusive: Conor McGregor Full Interview" (as en) .