Concorde
Eitleán forshonach maorga ar leith ba ea an Concorde. Bhí sé mar shainchomhartha náisiúnta ag an mBreatain is an Fhrainc i 1969-2000.
Cineál | narrow-body quadjet airliner (en) , supersonic aircraft (en) agus land-based airliner monoplane (en) |
---|---|
Déantóir | Sud-Aviation (en) , British Aircraft Corporation (en) , Aérospatiale, Airbus Group, British Aerospace (en) agus BAE Systems |
Chéad aistear | 2 Márta 1969 |
Toisí | 12.2 () × 61.66 () m |
Meáchan folamh | 185,065 |
Raon | 6,580 km |
Uasteorainn eitilte | 18,300 metre agus 60,000 troithe |
I seirbhís | 21 Eanáir 1976 – 26 Samhain 2003 |
Oibreoir(í) | |
Fearas tuirlingthe | retractable tricycle gear (en) |
Cumhachtaithe ag | Olympus 593 (en) |
Cumraíocht sciatháin | low wing (en) agus delta wing (en) |
Táirgeadh | 1965 — 1979 |
Tógtha | 6 agus 14 |
Thaistil an Concorde ag timpeall Ma 1.8 (1.8 × luas forleata fuaime, nó 610 m s-1), ach boic shaibhre amháin a d'úsáideadh é.
Stair
cuir in eagarComhthionscadal Francach-Briotanach a bhí ann ó thús ina dhearadh, a thógáil is a úsáid. Bhí suim thar na bearta ann ar fud an domhain. Ach níor cheannaigh aon chomhlacht i dtír ar bith eile ceann díobh, mar bhí an Concorde róchostasach le ceannach is rith.
Timpiste
cuir in eagarDíchoimisiúnaíodh an t-eitleán tar éis tuairte tubaistí gar do Pháras i 2000 inar maraíodh 113 duine. Trí thimpiste shimplí a tharla sí. Píosa miotail a thit ar an rúidbhealach ó eitleán eile, pholl sé roth ar thaobh clé an eitleáin. Phléasc an bonn seo, agus threáigh píosa de sin an sciathán gar d'inneall clé amháin is umar breosla istigh sa sciathán. Thosaigh tine san inneall, chuaigh an t-inneall sin ó smacht, scaip an tine, agus ní raibh an píolóta in ann í a mhúchadh. Cailleadh cumhacht, agus theip ar an t-eitleán a ardú a choimeád ar siúl. Taobh istigh de chúpla nóiméad san aer, chaill sé a luas agus thit go talamh mar a bheadh cloch ann.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Concorde". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 168.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin eitlíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |