Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill

1ú Iarla Thír Eoghain

Ba thaoiseach é Conn Bacach mac Cuinn Ó Néill, 1ú Iarla Thír Eoghain (Béarla:Conn O'Neill, 1st Earl of Tyrone), (c. 1480-1559), ar an tiarnas Gaelach is mó agus is cumhachtaí in Éirinn. Sa bhliain 1541 thaisteal Ó Néill go Sasana chun géilleadh don rí Anraí VIII, mar chuid den pholasaí géilleadh agus athbhronnadh, ag an am céanna a cruthaíodh Ríocht na hÉireann.Bronnadh an teideal 'Iarla Thír Eoghain' air, ach chuir aighneas foréigneach comharbais as a phleananna chun an teideal agus na tailte a thabhairt chuig a chomharba roghnaithe Feardorcha (Béarla: Matthew), rud a d’fhág go raibh mac eile, Seán, in ann teacht chun cinn go buaiteach.

Infotaula de personaConn Bacach mac Cuinn Ó Néill
Beathaisnéis
Breith1480 (Féilire Ghréagóra)
Ríoghacht Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1559 (Féilire Ghréagóra)
78/79 bliana d'aois
Cúige Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois agus glúin an 15ú aois
Eile
Teideal uasalIarla Thír Eoghain Cuir in eagar ar Wikidata
CéileSarah O'Neill (en) Aistrigh
unknown daughter O'Byrne (en) Aistrigh
Mary McDonnell (en) Aistrigh (1538 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAlison Kelly Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeán Ó Néill
 ( unknown daughter O'Byrne (en) Aistrigh)
Anraí Óg Ó Néill
 ( Mary McDonnell (en) Aistrigh)
Conn Ó Néill
 ( Mary McDonnell (en) Aistrigh)
Féilim Caoch Ó Neill
 ( unknown daughter O'Byrne (en) Aistrigh)
Matthew O'Neill
 ( Alison Kelly)
Máire Ní Néill
 ( unknown daughter O'Byrne (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairConn mac Énri  agus An Bhantiarna Eleanor FitzGerald
SiblínArt Óg Ó Néill

Tháinig a gharmhac Aodh Ó Néill i gcomharbacht air mar Iarla sa deireadh agus tháinig sé chun bheith ina cheannaire ar ríshliocht Uí Néill. Lean Aodh le comhghuaillíocht a sheanathar leis an gCoróin go dtí gur thit cumhacht na dtiarnaí Gaelacha i gCúige Uladh mar thoradh ar a cheannaireacht i gCogadh na Naoi mBliana agus Imeacht na nIarlaí ina dhiaidh sin.

Beathaisnéis cuir in eagar

Ba nhac le Conn Mór Ó Néill é mac Conn Bacach, Taoiseach Thír Eógain, agus an bhantiarna Eleanor Fitzgerald. Ba nhac é Conn Mór d'Anraí Ó Néill, Taoiseach Thír Eoghain. Ba é Eleanor Fitzgerald iníon Thomáis Mhic Mhuiris Mhic Gearailt, 7ú Iarla Chill Dara. Ba é Conn Bacach Ó Néill an chéad cheann de na Niallaigh a thug na Sasanaigh, ina n-iarrachtaí ar Éirinn a chur faoi chois sa 16ú haois, chun cinn mar cheannairí na nGael. Dúnmharaíodh a athair, taoiseach Thír Eoghain, sa bhliain 1493, ag a uncail (deartháir a athair).

Tofa ina 'Ó Néill' cuir in eagar

Toghadh Conn mar thaoiseach de ghéag Uí Néill Thír Eoghain (Cenél nEógain) c. 1519, tar éis bháis a uncail. Ag an am sin, d'fhonn an teideal 'Ó Néill' a ghlacadh, chiallaigh sé sin go rabhthas ag gabhail ceannais ar phobal uilig na Niallach. Nuair a cheapadh a dhuine muintearth, an t-Iarla Chill Dara, ina Fhear Ionaid an Rí sa bhliain 1524, d'aontaigh Ó Néill bheith ina chlaíomhsoire dó i searmanais stáit; ach gur ábhar pearsanta a bhí i leith a dhílseachta, agus cé go raibh sé réidh go leor chun dearbhú ó bhéal a thabhairt i dtaobh a chuid dhílseachta, níorbh fhéidir tabhair air gialla a thabhairt do na Fir Ionad níos déanaí ar aghaidh mar dhliteanas as a iompar.

 
Thaisteal Ó Néill go Sasana chun géilleadh don rí Anraí VIII a bhí nuabhunaithe mar Rí na hÉireann.  Bhí seo mar chuid den pholasaí 'géilleadh agus athbhronnadh', ina raibh ar na taoisigh Ghaelacha géilleadh go foirmiúil d'ardcheannas  an Choróin.

Ionradh agus géilleadh cuir in eagar

Le heisreachtú an Iarla Chill Dara agus tar éis an reibiliúin, chuaigh sé i bpáirt lena ghaolta cleamhnais na Gearltaigh. D'fhéach comhghuaillíocht, dá ngairtear Léig na nGearaltach le hathghairma comharba thiarnas na nGeartach, gan cur isteach ón Rí Anraí VIII Shasana. Spreagadh an reibiliún leis an aidhm gur féidir fáil réidh leis an eaglais Phrotastúnach Shasana in Éirinn, sa mhéid is gur scríobh an Pápa Pól III go Conn go pearsanta, ag tabhairt "Rí dár Réimse in Éirinn" air, a ghriosú troid in éadanan Rí Anraí sa bhliain 1538.

Tar éis ionradh a dhéanamh ar Thír Eógain ag Sir Anthony St Leger, an Fear Ionaid, sa bhliain 1541, bhí Conn agus Léig na nGearaltach treascartha agus rinne sé géilleadh. Thug Conn ar láimh a mhac Feidhlimidh Caoch mar ghiall. D'fhreastail sé ar pharlaimint a tionóladh i mBaile Átha Troim, agus, ag trasnú go Sasana, chuaigh sé leis an bProtastúnachais, agus ghéill sé ag Greenwich d'Anraí VIII. Cheap Anraí é ina Iarla Thír Eoghain ar feadh a shaoil, agus thug sé airgead dó agus slabhra óir luachmhar. Rinne ríchomhairleoir de in Éirinn chomh maith, agus fuair sé deontas tailte laistigh denPháil ar a dtugtar Baile Ghrífín.

Cogadh cathartha cuir in eagar

Chuaigh an eachtra seo i bhfeidhm go mór in Éirinn, áit a raibh olc ar a chuid finíoch agus cleithiúnaithe roimh ghéilleadh 'Ó Néill' don rí Sasanach, agus roimh theideal Sasanach a ghlacadh.

Chaith an tIarla an chuid eile dá shaol ag déanamh iarracht a thionchar a chothabháil, agus trí achrann síor lena mhac níos óige, Seán, ag éirí as a idirbheart le Anraí VIII. Toisc, ní hamháin go raibh ainmniúchán Fheardorcha (Béarla: Matthew)ina chomharba leis an teideal Barún Dhún Geanainn ag na Sasanaigh i gcoimhlint le gnás ársa na hÉireann 'tánaisteach', rud a d'fhostaigh 'dearbhfhine' chun rialacha dochta maidir le caidreamh díreach laistigh de 'phórlínte fireanna chun cáilíocht a rialáil i gcomhair insealbhaith an taoisigh, ach lena chois sin bhí go leor amhrais ag baint le maíomh Fheardorcha gur fhíormhac Chuinn é, ar an chuid is mó neamhdhlisteanach, agus an rud is measa fós go raibh sé uchtaithe [1][2]agus roghnaithe roimh a chlann mhac féin ar mhaithe le a mháthair (sé sin, Alison Kelly Roth.). Ba í Alison leannán luí is déanaí Chuinn agus d'admhaíodh go poiblí gurb é a fear céile, ghabha dhubh ó Dhún Dealgan, athair Fheardorcha,[3] le sé bliana déag anuas, tar éis é a sheacht déag bliana roimhe sin. Ní raibh Seán sásta (Seán an Díomais), an mac dlisteanach is sine Chuinn, tar éis gur dhúnmharaíodh tacadóir de chuid Fheardorcha Feidhlimidh Caoch, géilleadh go huamhal le haon sáraithe ar a cheart comharbais. Níor chríochnaigh an t-aighneas fíochmhar, ina raibh tacaíocht láidir ag Feardorcha ó riarachán Chaisleán Bhaile Átha Cliath, go dtí gur dhúnmharaíodh Feardorcha ag gníomhairí Sheáin sa bhliain 1558.

Pósadh agus páistí cuir in eagar

Pósadh Conn faoi dhó, agus bhí go leor mac aige. Ba í an Bhantiarna Alice Nic Gearailt a chéad bhean chéile, iníon Gearóid Mór Mac Gearailt, an 8ú Iarla Chill Dara agus céad col ceathrar Chuinn.[4] B'é a mhac aitheanta ná Feidhlimidh Caoch Ó Néill. Go luath sa bhliain 1542, maraíodh mac Uí Néill (Felim Caoch) le caitheamh amháin sleá ag an ghallóglach Mac Domhnaill" de réir na hiontrála a thaifead a bhás in Annála na gCeithre Máistrí in Éirinn,[5]díreach roimh ghéilleadh a athar don rí Anraí VIII. Bhí an dara bhean aige, Sorcha Ní Néill, iníon Aodha Óig Uí Néill, taoiseach iomráiteach Uí Néill Chlann Aodha Buí. Tá difríocht idir fhoinsí maidir le máthair Sheáin an Díomais, Roinnt á rá gurb é mac Chuinn agus Shorcha,[6] agus cuid acu den tuairim gurb é mac Chuinn agus na bantiarna Alice Nic Gearailt é.[7].

Bás cuir in eagar

D'éag Conn Bacach agus é in earr a shaoil sa bhliain 1559 agus bhí a thailte agus a theaghlach trí chéile in a dhaidh sin. Gaireadh 'Ó Néill' de Sheán san Tulach Óc, de réir an tsean-nóis. Chuir Sidney, an Fear Ionaid, ina choinne sin agus d'fiafraigh Seán de cad chuige. Dúirt Seán go raibh sé de cheart aige an teideal 'Ó Néill' do ghabháil chuige. Ní raibh focal le rá ag Sidney ina choinne sin; ná ag Eilís I Shasana í féin, agus chuir Seán litreacha séimhe chuici i Laidin ghá mholadh féin i leith is nach raibh fear ins na trí ríochtaí chomh humhal dí is bhí sé féin, agus ag gealladh dí go n-imreodh sé a anam lá ar bith ina seirbhís.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Morgan, Hiram Tyrone's Rebellion, RHS & Boydell, (1993) pp. 86–7 the genealogy Hiram Morgan has prepared notes Matthew as "affiliated".
  2. See: Fiona FitzSimons, ‘Fosterage and Gossipred in Late Medieval Ireland: Some new evidence’ in Patrick J. Duffy, David Edwards and Elizabeth FitzPatrick (eds), Gaelic Ireland c. 1250–1650 Dublin, 2001, pp 138–152
  3. Brady, Ciaran. Shane O' Neill, HAI, 1996, p 22
  4. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (1998). Routledge. Dáta rochtana: 7 April 2017. 
  5. The Four Masters, [ed. John O'Donovan] Annals of the Kingdom of Ireland from the Earliest Times to the Year 1616, Third edition, De Búrca Rare Books (Dublin, 1990). p. 1467.
  6. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2009). Cambridge University Press. Dáta rochtana: 6 April 2017. 
  7. Acts of the Privy Council in Ireland 1556-1571, pg. 107,298