Conor Murphy

polaiteoir Éireannach (rugadh 1963)

Is polaiteoir de chuid Shinn Féin é Conor Terence Murphy[1] (rugadh ar 10 Iúil 1963 é) agus tá sé ina Chomhalta de Thionól Reachtach Thuaisceart Éireann don Iúr agus Ard Mhacha. Bhí sé ina Fheisire Parlaiminte do Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha ó 2005 go dtí 2015.[2][3]

Infotaula de personaConor Murphy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Iúil 1963
60 bliana d'aois
Camloch, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta den Tionól Reachtach
5 Bealtaine 2022 –

Aire Airgeadais
11 Eanáir 2020 –
← Máirtín Ó Muilleoir
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 –


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
8 Meitheamh 2015 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)

Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 1 Iúil 2012 (éirí as)


Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Bealtaine 2010 – 30 Márta 2015 (díscaoileadh na parlaiminte)


Aire Forbartha Réigiúnaí
8 Bealtaine 2007 – 16 Bealtaine 2011
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Bealtaine 2005 – 12 Aibreán 2010 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
25 Meitheamh 1998 – 28 Aibreán 2003 (díscaoileadh na parlaiminte)


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uladh
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Coláiste Cholmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Twitter: conormurphysf Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Murphy i gCamloch, Ard Mhacha Theas agus chuaigh sé san IRA Sealadach, le linn stailceanna ocrais 1981.[4]Sa bhliain 1982,  gearradh pionós cúig bliana i bpríosún air, as ballraíocht san IRA agus as pléascán a bheith ina sheilbh aige.[5]

Idir 1989 agus 1997, bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Ceantair an Iúir agus Mhúrn le haghaidh limistéar na bhFeadh,[6] in Ard Mhacha Theas agus an Dún Theas, agus d'fhreastail sé mar ghrúpcheannaire an pháirtí ag an leibhéal sin.

Sa bhliain 1998, toghadh Murphy agus ball eile den pháirtí go Tionól Thuaisceart Éireann , do Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha. Atoghadh é féin, agus beirt eile dá chomhghleacaithe, ina gcomhaltaí den Tionól sa bhliain 2003.[7] Tá sé ina chónaí i gCamloch, Contae Ard Mhacha, lena bhean, Catherine, a iníon, Áine agus a mhac, Oisín. D'fhreastail sé ar Choláiste Cholmáin san Iúr, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh.

Sa bhliain 2001, chuaigh sé san iomaíocht i gcomhair suíocháin i nDáilcheantar parlaiminte 'Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha'. Tháinig sé sa dara háit i ndiaidh an fhir a bhí ina fheisire don Dáilcheantar, mar a bhí, Séamus Mallon de chuid an PSDLO (Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre). Nuair a chinn Mallon ar gan seasamh sa toghchán arís, tháinig Murphy i dtreis agus toghadh é ar 5 Bealtaine 2005.[8][9]

Tagairtí cuir in eagar