Corydoras splendens
Is iasc fionnuisce trópaiceach é an Corydoras splendens (Gaeilge:cat mara iathghlas) a bhaineann leis an bhfo-fhine Corydoradinae den fhine Callichthyidae a thagann ó dhúchas ó Abhantrach na hAmasóine i Meiriceá Theas. Glaodh Brochis splendens air go traidisiúnta.[1] Tá an t-iasc le feiceáil ar stampa sa Bhrasaíl.
Brochis splendens | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Siluriformes |
Fine | Callichthyidae |
Géineas | Brochis |
Speiceas | Brochis splendens Castelnau, 1855 |
Tacsanomaíocht
cuir in eagarChuire François Louis de la Porte, comte de Castelnau síos air mar Callichthys splendens ar dtús sa bhliain 1855. Glaodh go coitianta Brochis coeruleus ar an speiceas seo uair amháin. Ba é WA Gosline an chéad duine a cheap go raibh an dá speiceas mar an gcéanna sa bhliain 1940, ach b'iad an bheirt Njiseen & Isbrücker a chuir an dá cheann le chéil sa bhliain 1970, ag tabhairt cúiseanna leordhóthanach leis sin a dhéanamh. Cuireadh síos ar an speiceas mar Brochis splendens, go dtí gur ath-rangaíodh an chuid is mó den na chait mhara a bhí rangaithe roimhe seo mar Brochis go Corydoras.[1] Is é an t-aicmiú aitheanta reatha ná Corydoras splendens .
Dáileadh
cuir in eagarTá an t-iasc seo nádúrtha go dtí réimsí uachtair d'Abhantrach na hAmasóine. Áirítear leis seo an Ucayali go Pucallpa, an Ambiyacu, agus an ceantar thart ar Iquitos i iarthar na Brasaíle, oirdheisceart na Colóime, oirthear Eacuadór agus oirthear Pheiriú.
Dealramh agus anatamaíocht
cuir in eagarAg brath ar an uillinn soilsithe, frithchaith coirp an éisc dath niamhghlas, nó fiú cineál gorm.
San uisceadán
cuir in eagarIs speiceas coitianta é an cat mara iathghlas in uisceadáin fhionnuisce.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Encyclopedia of Aquarium and Pond Fish (2005) (David Alderton) leathanach 121