Amchrios
Is crios de dhromchla an domhain é an t-amchrios ina bhfuil an t-am céanna agus an dáta céanna ar bhonn rialacha.
Ó Am Áitiúil go hAmchrios
cuir in eagarMar gheall ar imrothlú an domhain, tá an t-am áitiúil fíor (an t-am áitiúil na gréine) i ngach áit níos luaithe ná an t-am áitiúil sa chéad áit eile soir nó tá sé níos moille ná an t-am sa chéad áit eile siar de réir airde na gréine. B'éigean an clog a shocrú de cheithre nóiméad gach céim fhaid (= timpeall is 83 km) siar nó soir. Mar shampla: Má bheadh sé a hocht a chlog i gCill Bheagáin, bheadh sé 4 nóiméad tar éis a hocht i mBaile Átha Cliath.
Dá bhrí sin bunadh na hamchriosanna. Cuimsíonn amchriosanna 15 céim fhaid go hiondúil. De bharr 15 céim fhaid, uair amháin atá an difríocht ama idir dhá amchrios comharsanachta.
Ach cuirtear amchrios i bhfeidhm ar an tír uile de ghnáth (cé is moite de na tíortha móra agus d'oileáin scoite). Agus is féidir le gach tír bheith in amchrios a rogha. Mar sin, tá limistéar Am Lár na hEorpa (UTC +1), mar shampla, níos mó ná 15 céim fhaid ionas go bhfuil an t-am céanna i gcuid mhór na hEorpa.
Tá níos mó ná amchrios amháin sna tíortha móra, m. sh., tá 11 amchrios sa Rúis (UTC +2 go dtí UTC +12) agus 5 amchrios i gCeanada (UTC -3.5 go dtí UTC -8).
Ach, ar an taobh eile, níl ach crios ama amháin i nDaon-Phoblacht na Síne: am Bhéising (UTC +8).
Amchriosanna Áirithe
cuir in eagar- Am Uilíoch Comheagartha (UTC)
- Am Iarthar na hEorpa nó Meán-am Greenwich (UTC +0) = an t-am sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, san Íoslainn, sa Phortaingéil, in Oileáin Fharó, agus sna hOileáin Chanáracha.
- Am Lár na hEorpa (UTC +1) = an t-am sa mhórchuid den Eoraip.
- Am Caighdeánach Oirthearach (UTC -5) = an t-am in oirthear na Stát Aontaithe, i Québec, agus in Ontario.
Amchriosanna san Eoraip
cuir in eagarAmchriosanna an domhain
cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |