Criostalagrafaíocht
Is éard is criostalagrafaíocht[1] ann ná staidéar ar chriostail, a bhfoirmeacha seachtracha is a struchtúir inmheánacha, le micreascóip optúla is eile. Léiríonn criostail siméadrachtaí iontacha, rud a thairg teoiric adamhach do Nicolaus Steno (1638-1686). Tugann an staidéar ar dhíraonadh X-ghathanna ag criostail, a fheidhmíonn mar ghríleanna díraonta, an-chuid eolais ar eagrú is nascadh na n-adamh i gcriostail, agus timpeallachtaí eile chomh maith.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““criostalagrafaíocht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Criostalghrafaíocht (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 182.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |