Crith talún Neipeal Aibreán 2015


Tharla crith talún i mBarpak, Gorkha, Neipeal ar an 25 Aibreán 2015. Fuair 8,964 duine bás agus gortaíodh 21,952.mar thoradh ar an gcéad turraing agus ar na hiarchreathanna láidre a lean é.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCrith talún Neipeal Aibreán 2015
Íomhá
Map
 28°09′54″N 84°43′30″E / 28.165°N 84.725°E / 28.165; 84.725
CineálCrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Aibreán 2015 (11:56. Nepal Standard Time (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhYr (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírNeipeal, an India agus an Bhanglaidéis Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leis2015 Mount Everest avalanches (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint)7.8 Cuir in eagar ar Wikidata
Aftershocks (en) Aistrigh329 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna8,964 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe21,952 Cuir in eagar ar Wikidata

Imeachtaí cuir in eagar

Thosaigh an chéad chrith talún roimh mheán lae. Méid 7.9 a bhí ann ar an scála Richter agus ba sa phríomhchathair, Kathmandu, agus i nGleann Kathmandu, áit a bhfuil dlús mór daonra, ba mhó a braitheadh é.[1] Bhí an t-eipealár thart ar 80 km soir ón dara cathair is mó i Neipeal, Pokhara.

Tharla an crith ag doimhneacht éadomhain (tuairim is 15 km), rud a chuir treise leis an méid fuinnimh a scaoileadh amach i limistéar beag go leor.

Crith talún Neipeal, Aibreán 2015

Mar thoradh air seo, thit tithe, leagadh teampaill a bhí ann leis na céadta bliain agus thosaigh maidhmeanna sneachta sna Himiléithe. Chroith an crith talún roinnt cathracha ar fud thuaisceart na hIndia freisin agus braitheadh é in áiteanna chomh fada anonn le Lahore sa Phacastáin agus Lása sa Tibéid.

Maraíodh 18 dreapadóirí nuair a tharla maidhm shneachta ann tar éis an chreatha.

Bhí tuairim is 2 mhilliún duine ag iarraidh pubaill

Tarrtháil    cuir in eagar

Bhí deacrachtaí teacht ar thaisí na mairbh lasmuigh de Kathmandu de bharr na droch-aimsire. Thriail ingearáin teacht ar íospartaigh sna bailte máguaird ach bhí orthu géilleadh don bháisteach trom.[2] Agus bhí mórchuid daoine sa bpríomhchathair fós ina gcónaí amuigh faoin spéir le teann faitís faoi iar-chritheanna.[3]

Ar 27 Aibreán, dúirt an carthannas Trócaire go raibh €100,000 ceadaithe acu don éigeandáil i Neipeal.[4]

Bhí deacracht mór déileáil le líon na gcorp. Bhí údaráis ag ordú go gcreimfí daoine gan mhoill.

Bhí 600,000 teach scriosta, agus tuairim is 2 mhilliún duine ag iarraidh pubaill, uisce, bia agus cógas. Dúirt an Aire Airgeadais go dteastóidh ar a laghad $2bn ón gcoigríoch le tabhairt faoin ath-tógáil.[5]

Iarchrith ollmhór i mí na Bealtaine cuir in eagar

Ar 12 Bealtaine 2015, tharla crith talún eile, le neart 7.4 ar an scála Richter, agus an tír fós ag iarraidh teacht chuici féin. Anuas ar sin, tharla suas le leathdhosaen iarchreathanna agus bhí neart 6.3 le ceann acu.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. examinations.ie (2016). "SCRÚDÚ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA ː TÍREOLAÍOCHT – GNÁTHLEIBHÉAL 2016". Dáta rochtana: 2022.[nasc briste go buan]
  2. Nuacht RTÉ (2015-04-30). "Déagóir tarraingthe beo as smionagar Neipeal" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2015-05-01). "Ollscrios in Iargúil Neipeal" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2015-04-27). "Éireannaigh i Neipeal fós le teagmháil a dhéanamh" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2015-05-01). "Ollscrios in Iargúil Neipeal" (as ga-IE). 
  6. Nuacht RTÉ (2015-05-12). "Crith talún eile i Neipeal - os cionn 40 marbh" (as ga-IE).