Seabhac a fhaightear ar fud an tSeandomhain is ea an cromán móna (Béarla: marsh harrier).[1][2] An cholainn donn, an ceann níos mílíthí, an t-eireaball liath. Áitríonn sé riasca (talamh féaraigh san Astraláise, uaireanta). Itheann sé froig is ainmhithe beaga eile, agus neadaíonn i measc na ngiolcach.[3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCromán móna
Circus Cuir in eagar ar Wikidata

Circus approximans Cuir in eagar ar Wikidata  
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdAccipitriformes
FineAccipitridae
GéineasCircus Cuir in eagar ar Wikidata

Go dtí le gairid, níor aithníodh ach dhá speiceas: an cromán móna iartharach (Circus aeruginosus) agus an cromán móna Afracach (C. ranivorus). Anois, roinntear iad i suas le sé cinn de speicis: an cromán móna iartharach (Circus aeruginosus), an cromán móna oirthearach (C. spilonotus), an cromán móna Papuach (C. spilonotus spilothoraxC. spilothorax), an cromán móna seascainn (C. approximans), cromán móna Réunion (C. maillardi maillardiC. maillardi) agus cromán móna Madagascar (C. maillardi macroscelesC. macrosceles). Is é seo sé cinn as na 16 speiceas sa ghéineas Circus, agus dá bharr sin, ní grúpa tacsanomaíochta iad na cromáin mhóna.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): cromán móna” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-26.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “marsh harrier — Aistriúchán Gaeilge ar marsh harrier (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-26.
  3. Hussey, Matt (2011). "Cromán móna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 185.