Cumhacht tochrais
Córas a stórálann fuinneamh daonna i bhfoirm mheicniúil nó leictreach agus a scaoileann amach é mar obair dhéanta ar bhealach a rialaítear thar thréimhse ama, cosúil le clog traidisiúnta. Foirm mheicniúil is ea sprionga bíseach, ar féidir é a thochras agus ansin fuinneamh a scaoileadh as chun obair a dhéanamh go rialta. Foirm leictreach is ea dineamó, ar féidir é a thochras agus fuinneamh leictreach a ghiniúint is a stóráil i mbataire in-athluchtaithe: is féidir lampa a lasadh nó raidió nó ríomhaire a rith an fad is atá an bataire luchtaithe.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cumhacht tochrais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 195.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |