Cuideachta loingseoireachta Cunard
Bhí an cuideachta loingseoireachta Cunard nó comhlacht loingis Cunard[1] ar ceann de na comhlachtaí ba mhó sa mBreatain sa 19ú haois.[2] Bhunaigh piarda mór de chuid an ghnó, Samuel Cunard, an comhlacht sa bhliain 1839/1840, sé British and North American Royal Mail Steam-Packet Company ar dtús, a d'éirigh an Cunard Steamship Company, Ltd sa bhliain 1879.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gnó cruise line (en) | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Cunard-White Star Line (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 1840 | ||||
Bunaitheoir(í) | Samuel Cunard | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Máthaireagraíocht | Carnival Corporation & plc | ||||
Úinéir de | RMS Franconia RMS Queen Elizabeth MS Golden Iris RMS Lancastria RMS Lucania RMS Carpathia RMS Olympic SS Abyssinia RMS Britannia Queen Mary 2 (en) RMS Mauretania MV Britannic Queen Elizabeth 2 (en) SS Doric RMS Sylvania RMS Carmania MV Cunard Ambassador RMS Campania SS Servia SS Transylvania RMS Caronia Lusitania USS Ice King RMS Etruria RMS Samaria RMS Scythia RMS Persia RMS Ausonia SS Ivernia RMS Ascania RMS Franconia RMS Aquitania RMS Saxonia RMS Scotia RMS Ivernia USS Hatteras RMS Saxonia Ocean Countess (en) Star Pride (en) MS Gemini RMS Carinthia RMS Andania | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.cunard.com/ | ||||
Stair
cuir in eagarBhíodh Cunard ina chomórtas idir é agus an comhlacht mór eile, an White Star Line, cé aige an raibh an long thrasAtlantach ab fhearr. Bhí na longa ba mhó cáil ag an dá chomhlacht sin ach b’acusan a bhí na longa ba mhó droch-cháil freisin. Ba é an comhlacht Cunard a thóg an long an RMS Lusitania i 1906. De bharr go raibh an ‘White Star Line’ ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach, bhí Rialtas na Breataine ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh na Meiriceánaigh an ceann is fearr orthu ó thaobh luais ar an Atlantach. Mar sin, thugadar cúnamh airgid do Cunard agus coimisiúnaíodh an ‘RMS Lusitania’. Ar an 7 Bealtaine 1915 i lár an Chéad Chogaidh Dhomhanda, scaoil U-long Ghearmánach leis an Lusitania agus bádh í.
Tá an t-ainm ‘Cunard’ fós le feiceáil ar cheann de na foirgnimh stairiúla gar do na duganna i Learpholl, áit a raibh a cheanncheathrú go dtí 1919.
Bunaíodh an comhlacht "Cunard-White Star Line" sa bhliain 1934.
Is cuid de Carnival Corporation, comhlacht Meiriceánach, é an trádmharc Cunard inniu.
Féach freisin
cuir in eagar- Samuel Cunard
- RMS Carpathia
- RMS Lusitania
- RMS Queen Mary
- RMS Lancastria (Anchor Line, fochuideachta ar lánúinéireacht de chuid Cunard)
- White Star Line
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tugadh an "British and North American Royal Mail Steam Packet Company" in 1840 agus sa bhliain 1879, an "Cunard Steamship Company Ltd" agus níos simplí, Cunard Line
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (7 Meitheamh 2024). "‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-07.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |