Dúnmharaíodh Jill Meaghar, arb as Droichead Átha di, in Melbourne ar 22 Meán Fómhair 2012. Ionsaíodh í ar shráid in aice le lár na cathrach, áit ar mheas muintir Melbourne go mbeadh sí slán sábháilte[1].

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Jill Meagher
Cineálbás Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBrunswick, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Astráil Cuir in eagar ar Wikidata

Ba ríléir go ndeachaigh an scéal truamhéalach i bhfeidhm go han-mhór ar mhuintir na hAstráile, ar mhuintir Melbourne ach go háirithe. Thóg na daoine áitiúla scrín ar chosán na sráide. Bhí breis is tríocha míle duine páirteach i mórshiúl in Melbourne le comhbhá a léiriú.

Ciontaíodh Adrian Bayley i ndúnmharú agus in éigniú Jill Meaghar i Melbourne i mí Meán Fómhair 2013. Gearradh téarma príosúin saoil air, 43 bliain d'aois ag an am, agus gan cead parúil aige roimhe seo go ceann 35 bliain[2].

Tagairtí cuir in eagar