Dave Duggan

scríbhneoir Éireannach

Is úrscéalaí agus drámadóir Éireannach é Dave Duggan, a chónaíonn i nDoire agus a rugadh i Londain sa bhliain 1955. Cuireadh a shaothair amharclainne ar stáitse in Éirinn, Dún Éideann, Learpholl, Nua-Eabhrac agus san Afganastáin. An dráma is déanaí uaidh ná Chezzie's Chance (Blue Eagle Productions, 2018), tá snagcheol ann, agus bhí an-rath air i léiriú ag Féile Snagcheoil Dhoire. Scríobh sé an dráma Gruagairí (2007), a bhuaigh gradam ón Stewart Parker Trust, agus Makaronik (2014) don chompántas amharclannaíochta Gaeilge Aisling Ghéar. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht leagan úrscéil den dráma ficsean eolaíochta Makaronik sa bhliain 2018.

Infotaula de personaDave Duggan
Beathaisnéis
Breith1955
68/69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata

I measc a shaothair don scáileán tá Dance Lexie Dance (Raw Nerve Productions, 1996), a fuair ainmniúchán do na hOscars. Is é A Sudden Sun (Guildhall Press, 2012) an dara húrscéal uaidh agus is é Related Lives: An Imagined Memoir (Guildhall Press, 2016) an leabhar is déanaí uaidh. Tá blag aige ag breathingwithalimp.blogspot.com agus tá breis eolais ar a shaothar ag www.facebook.com/DaveDugganWriter

Saol Pearsanta cuir in eagar

D'fhill a thuistí ar Phort Láirge, an áit arb as dóibh sa bhliain 1963. Tógadh ann é. Chuaigh sé don fhisic i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.