Davyth Fear
Nádúraí, scoláire agus múinteoir ar scor, a bhfuil cónaí air sa Bhreatain Bheag, is ea Davyth Fear (rugadh David Frederick Fear ar 17 Márta 1960).[1] Rugadh i mBriostó é ach bhog sé go Manchain agus é ina leanbh óg; is é an duine is sine de cheathrar clainne é. Bhog a theaghlach nuair a bhí sé ina dhéagóir go Corn na Breataine, áit a raibh sé ina dhalta i gColáiste Lannstevan agus áit ar chuir sé spéis sna teangacha Ceilteacha agus sa chultúr.[2] Faoi 1982 bhí an fhoirm Choirnise dá ainm, Davyth, glactha aige agus chuaigh sé isteach sa Chonradh Ceilteach. Bhí sé ina Leas-Ard-Rúnaí ar an gConradh idir 1984 agus 1988, agus ina Ard-Rúnaí idir 1988 agus 1990.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Márta 1960 64 bliana d'aois Briostó, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | nádúraí, teangeolaí |
Teaghlach | |
Siblín | Donald Fear |
Sa bhliain 1984, bhog sé go dtí an Bhreatain Bheag agus d'fhoghlaim sé an Bhreatnais. I 1986, shroich sé an babhta deireanach den chomórtas Foghlaimeoir na Bliana ag an Eisteddfod Náisiúnta in Abergwaun (Eisteddfod Genedlaethol Abergwaun).[3] Le linn 1986-1987, d'eagraigh sé an chéad taifead il-háirteach d'amhráin pop agus rac sna sé theanga Cheilteacha (Breatnais, Coirnis, Briotáinis, Gaeilge, Gaeilge na hAlban, agus Manainnis) faoin ainm 'Keltia Rok'. Eisithe ar lipéad Recordiau Sain i 1987 don Eisteddfod i bPorthmadog (Eisteddfod ym Mhorthmadog). Sa taifead bhí na chéad amhráin rac a eisíodh riamh i dteangacha na Coirnise agus na Manainnise.[4] Rinne an New Musical Express, iris cheoil Bhéarla, achoimre ar an taifead mar seo a leanas: “I ndeireadh na dála, is é an tábhacht a bhaineann leis an taifead go bhfuil na teangacha seo beo agus nach bhfuil siad i músaem.”[5] Dar leis an iris Welsh Music History, ba chéim mhór chun cinn é do chultúr an cheoil chomhaimseartha sna náisiúin Cheilteacha.[6] Tar éis dó cuairt a thabhairt ar an tSiombáib, bhunaigh sé grúpa oibre nádúraithe chun ainmneacha éan na hAfraice sa Bhreatnais a chaighdeánú. Ansin, chaighdeánaigh an grúpa ainmneacha éan na Eorpa ar an láithreán gréasáin Avionary. Chuidigh Davyth le liostaí éan a eagrú i gCoirnis, i Manainnis, i nGaeilge na hAlban agus sa Bhriotáinis.[7] Lean an grúpa ar aghaidh ag cruthú liosta ainmneacha éan ó gach cearn den domhan.[8] Tiontaíodh liosta éan an domhain trí algartam a d'fhorbair Ollscoil Bangor (Brifysgol Bangor) agus Wikimedia UK go beagnach 10,000 leathanach ar Vicipéid na Breatnaise.[9] Ba é toradh an tsaothair seo ar fad ná breis agus 17,000 grianghraf ó Wikimedia Commons a chur leis an bhfoclóir ‘Y Bywiadur’ (Ceann de thionscadail Cymdeithas Edward Llwyd ná Stair an Dúlra. Is suíomh idirlín Breatnaise é a bhaineann le gach rud sa chomhshaol, sa Bhreatain Bheag).
D’oibrigh Davyth mar mhúinteoir tíreolaíochta ar dtús i Scoil Eifionydd, Porthmadog, agus ansin i Scoil Uwchradd Bodedern, Ynys Môn. I measc na ndaltaí a mhúin sé bhí George North agus Gareth Wyn Williams. Le linn na tréimhse sin, scríobh sé roinnt alt do théacsleabhair agus d’irisí tíreolaíochta na Breatnaise,[10] agus threoraigh sé turais scoile go roinnt tíortha.[11]
Sa bhliain 2019, bhí Davyth le feiceáil sa chlár teilifíse Who Wants to Be a Millionaire? áit a raibh sé ar an 10ú iomaitheoir a bhuaigh £500,000. Ba shuntasach an chuma a bhí air as an úsáid a bhain sé as ‘Ask the audience' don cheist £500,000.[12] Ba é sin an dara huair ar an gclár ina chruth nua le Jeremy Clarkson gur thug duine aghaidh ar an gceist £1,000,000. I mí Mheán Fómhair 2020, ba é a dheartháir, Donald Fear, an séú duine a bhuaigh £1,000,000 ar an gclár céanna, agus an chéad duine a rinne amhlaidh gan a rópaí sábháilteachta go léir a úsáid.[13] In 2020 bhí Davyth le feiceáil ar an gclár tráth na gceist ‘Mastermind Cymru’ ag críochnú sa chúigiú háit, agus in 2022 ar an gclár ‘Eggheads’ lena dheartháir.[14] [15]
Ó 1995 i leith tá sé ina rúnaí ar Chumann Réalteolaíochta Gwynedd (Cymdeithas Seryddol Gwynedd), ag cur os cionn 30 léacht i láthair dóibh thar na blianta.[16] Tá sé ina bhall freisin d’fhoireann galf cróice Llanfairfechan a imríonn i Sraith an Iarthuaiscirt [17] agus Club Ceamara Dyffryn Ogwen.[18]
Sa bhliain 2020, thosaigh sé ag foghlaim na Coirnise. Tá sé ina bhall de Phainéal Téarmaíochta na Teanga.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ [1]; millionaire.fandom.com; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
- ↑ Cyfweliad ar gyfer https://www.saysomethingin.com/welsh/advanced Curtha i gcartlann 2020-06-29 ar an Wayback Machine; Dáta rochtana 6 Gorffennag 2020.
- ↑ [2]; bbc.co.uk; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
- ↑ [3]; discogs.com; Dáta rochtana 6 Iúil 2020
- ↑ bibliotheque.idbe-bzh.org bibliotheque.idbe-bzh.org Curtha i gcartlann 2021-11-18 ar an Wayback Machine; Dáta rochtana 56 Iúil 2020
- ↑ journals.library.wales; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
- ↑ avionary.info; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
- ↑ termau.cymru
- ↑ Gwefan Wikimedia UK; blog gan Robin Llwyd ab Owain; 17 Samhain 2016; Dáta rochtana 6 Iúil 2020.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-11. Dáta rochtana: 2022-09-10.
- ↑ [4]
- ↑ [5]
- ↑ “Who wants to be a millionaire: Teacher beats brother to win jackpot”. BBC Entertainments and Arts (11 Medi 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Medi 2020. Dáta rochtana: 12 Medi 2020.
- ↑ [6]
- ↑ https://www.shropshirestar.com/entertainment/telford-entertainment/2022/02/19/telford-quizzersled-by-who-wants-to-be-a-millionaire-brothers-take-on-the-eggheads/
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-10. Dáta rochtana: 2022-09-10.
- ↑ [7]
- ↑ [8]