Deirdre McCloskey

ollamh Meiriceánach

Eacnamaí Meiriceánach is ea Deirdre Nansen McCloskey (a rugadh mar Donald McCloskey ar 11 Meán Fómhair 1942 in Ann Arbor, Michigan.[1]. Ollamh Oinigh le Eacnamaíocht, Stair, Béarla agus Cumarsáid in Ollscoil Illinois, Chicago (UIC) atá inti. Ollamh le Fealsúnacht agus le Clasaicigh ansin í san ollscoil chéanna, agus le roinnt blianta anuas tá sí ina hOllamh taca le Fealsúnacht in Ollscoil Erasmus, Rotterdam, san Ísiltír.

Infotaula de personaDeirdre McCloskey

(2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Meán Fómhair 1942
81 bliana d'aois
Ann Arbor, Michigan, Michigan Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard - dochtúireacht
Buckingham Browne & Nichols School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaAlexander Gerschenkron
Gníomhaíocht
Réimse oibreEconomic history (en) Aistrigh
Gairmeacnamaí, múinteoir ollscoile, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Illinois, Chicago (2000–2015)
Ollscoil Iowa (1975–2000)
Ollscoil Chicago (1968–1975) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Croineolaíocht
male-to-female gender-affirming surgery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáindeirdremccloskey.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm11319732 Cuir in eagar ar Wikidata

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2007 tá sé dhochtúireacht onóracha bronnta uirthi.[2] Cuireann sí spéis i neart ábhar ach i measc na bpríomhábhar taighde aici tá bunús an domhain nua-aimseartha, mí-úsáid stataisticí san eacnamaíocht agus in ábhair eile, agus an caipitleachas.

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh McCloskey in Ann Arbor, Michigan. Is í an páiste is túisce ag Robert G. McCloskey, Ollamh le Rialacht in Ollscoil Harvard, agus Helen (née Stueland), file.

Gairmré cuir in eagar

Ghnóthaigh McCloskey céimeanna fochéimí agus céimí in Eacnamaíocht ó Ollscoil Harvard. Bhuaigh a téis dhochtúireachta ar iarann agus cruach sa Breatain Mhór, faoi stiúradh Alexander Gerschenkron,[3], an Duais David A. Wells sa bhliain 1972.[4]

Tá 17 leabhar foilsithe aici chomh maith le 40 alt acadúla.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "CV". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-04. Dáta rochtana: 2016-11-24.
  2. "Curriculum Vitae of Professor Deirdre Nansen McCloskey".
  3. The Elgar Companion to the Chicago School of Economics
  4. McCloskey, Deirdre. Measurement and Meaning in Economics: The Essential Deirdre McCloskey, ed. Stephen Thomas Ziliak (Cheltenham, UK, and Northampton, Mass., USA: Edward Elgar Publishing, 2001), 350.

Naisc sheachtracha cuir in eagar