Baill de shárfhileam na n-ainmhithe is ea na Deuterostomia (ón nGréigis: Δεύτερο deutero‚ 'dara' agus Στόμα Stoma‚ 'béal'). Is fothacsón iad den chraobh Bilateria, de chuid fhóríocht san chlád Eumetazoa, laistigh de na hAnimalia. Is féidir iad a hidirdhealú ó na Protostomias le linn na forbartha sutheolaíche; sna deuterostomia déantar anas ó'n chéad oscailt (an blastopore), ach sna protostomia déantar an béal as. Tugtar enterocoelomates freisin ar na deuterostomia toisc go bhforbraíonn a gcuid céalóm tríd an phróiseas a dtugtar 'eintrecelia' air (nó sa Bhéarla:Enterocoely) .

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDeuterostomia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForfhíleamDeuterostomia Cuir in eagar ar Wikidata
Grobben, 1908

Sna ceithre fhileam, atá ar marthain, de chuid na deuterostomia tá;

Bhí ath-shainmhíniú déanta ar an Sárfhíleam Deuterostomia sa bhliain 1995 bunaithe ar anailísí na n-ord móilíneach, nuair a baineadh an lophophorates uaidh agus nuair a cuireadh le chéile iad in éineacht le hainmhithe protostomacha eile chun an sárfhíleam Lophotrochozoa [2] a chur i dtoll a chéile. Féadfaidh an fíleam Chaetognatha (saighid mara) a bheith istigh anseo freisin. D'fhéadfadh na grúpaí díothaithe an fíleam Vetulicolia bheith san áireamh. Tá an clád Ambulacraria .[3]comhdéanta de na hEchinodermata, Hemichordata agus Xenoturbellida. Tá forbairt deuterostomach bainteach leis an fhíleam Priapulida freisin, in ainneoin go bhfuil siad curtha taobh istigh de na protostomia .[4]

Sna deuterostomia agus na protostomia araon, forbraíonn siogót sa chéad dul síos, ina liathróid fholamh de ​​chealla, ar a dtugtar blastula (nó blastúl) air. Sna deuterostomia, tarlaíonn na luath-roinnteáin comhthreomhar nó ingearach leis an ais pholach. Tugtar deighilt radúil ar seo, agus freisin tarlaíonn sé i roinnt phrotostomia áirithe, mar shampla na lophophorata. Taispeánann an chuid is mó de na deuterostomia deighlt idirmheánach, sé sin le rá, ní bhíonn cinniúint fhorbartha na gceall socraithe sa suth i mbéal forbartha ag aitheantas na máthairchille. Dá bhrí sin, más rud é go ndeighltear an chéad cheithre cealla, bíonn gach cill in larbha beag iomlán a fhoirmiú; agus má bhaintear cill ón bhlastula, cúiteoidh na cealla eile.

Sna deuterostomia, cruthaíonn an mhéisideirm asfhaighnithe den phutóg fhorbartha a phinseálann, agus a chomhdhéanann an céalóm.

Bíonn scoilteanna geolbhaigh ag na Hemichordata agus Chordata araon, agus taispeánann eicínideirmigh iontaiseacha ársa loirg go raibh scoilteanna geolbhaigh acu freisin. Tá néarchorda folamh le fáil sna cordaigh go léir, lena n-áirítear túinicigh (sa chéim larbha). Bíonn néarchorda feadánach ag roinnt Hemichordata chomh maith. Sa chéim luathshuthach, tá sé cosúil le néarchorda folamh na gcordach. Mar gheall ar néarchóras díchineálach na n-eicínideirmeach, ní féidir mórán eolais a fháil amach faoi a sinsearach sa chás seo. Ar scor ar bith, bunaithe ar fhíorais éagsúla is féidir gur fhabhraigh na deuterostomia, atá againn faoi láthair, ó shinsearach coiteann. Go raibh scoilteanna geolbhaigh faraingeacha acu, log néarchorda fholamh, matáin chiorclach agus fhada agus corp dheighleogach.[5] D'fhéadfadh sé go raibh cosúil leis an ghrúpa beag sin, na Vetulicolia, gur tunicata ón Tréimhse Chaimbriach iad.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Perseke M., Hankeln T., Weich B., Fritzsch G., Stadler P.F., Israelsson O., Bernhard D., and Schlegel M. (2007). "The mitochondrial DNA of Xenoturbella bocki: genomic architecture and phylogenetic analysis" (PDF). Theory in Biosciences 126 (1): 35-42. doi:10.1007/s12064-007-0007-7. PMID 18087755. Dáta rochtana: 2015-11-06.  Curtha i gcartlann 2019-04-24 ar an Wayback Machine
  2. Halanych, K.M., Bacheller, J., Liva, S., Aguinaldo, A. A., Hillis, D.M. and Lake, J.A. (17 March 1995). "18S rDNA evidence that the Lophophorates are Protostome Animals". Science 267 (5204): 1641–1643. doi:10.1126/science.7886451. PMID 7886451. Bibcode1995Sci...267.1641H. 
  3. Bourlat S. J., Juliusdottir T., Lowe C. J., Freeman R., Aronowicz J., Kirschner M., Lander E. S., Thorndyke M., Nakano H. (2 November 2006). "Deuterostome phylogeny reveals monophyletic chordates and the new phylum Xenoturbellida". Nature 444 (7115): 85–88. doi:10.1038/nature05241. PMID 17051155. Bibcode2006Natur.444...85B. 
  4. Martín-Durán, J.M., Janssen, R., Wennberg, S., Budd, G.E., and Hejnol, A. (20 November 2012). "Deuterostomic Development in the Protostome Priapulus caudatus". Current Biology 22 (22): 2161–2166. doi:10.1016/j.cub.2012.09.037. Dáta rochtana: 2015-11-04. 
  5. Smith, Andrew B. (2012). "Cambrian problematica and the diversification of deuterostomes". BMC Biology 10 (79): 1-3. doi:10.1186/1741-7007-10-79. Dáta rochtana: 2015-11-04.