Diagnóis gruaige
Is féidir sampla gruaige a mhionanailísiú chun an leibhéal mianraí sa cholainn a thomhas le céimíocht cothaithe an duine a mheas, nó aon ábhar dochrach, cosúil le halúmanam nó luaidhe, a bhrath. Ní mór na ribí samplacha a phiocadh amach seachas iad a ghearradh, agus ag baic an mhuiníl mar a bhfásann an ghruaig níos tapa ná áit ar bith eile. Is fearr iontaofa na torthaí ar an tástáil seo nuair a dhéantar an anailís ar an ngruaig is gaire don chraiceann, de bhrí gur dócha go mbeidh gruaig eile truaillithe ag gallúnach, foltfholcadh, sprae, is ábhair gruagaireachta eile.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Diagnóis gruaige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 208.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |