Diospláise
Anchuma na gcnámh nó fíochán eile sa cholainn. Deighleann na cealla níos tapa ná mar is gnách, nó ní aibíonn siad i gceart, agus cuireann seo isteach ar a bhfeidhmiú. Is gnách go dtarlaíonn sí i bhfíochán gortaithe atá á dheisiú. Is féidir go dtarlóidh sí in aon chuid eile den cholainn, ar chúiseanna géiniteacha nó mar gheall ar iarmhairtí mífhabhracha comhshaoil. Má tharlaíonn sí i gcodanna áirithe den cholainn (an ceirbheacs, mar shampla) is minic na cealla diospláiseacha ina réamhtheachtairí ar urchóideacht.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Diospláise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 214.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |