Díbheálaí

(Athsheolta ó Diwali)

Féile Hiondúch na soilse is ea DiwaliDíbheálaí,[1] de ghnáth le linn mhí na Samhna (agus mí Dheireadh Fómhair uaireanta).[2] Baineann an dáta leis an ngealach agus athraíonn an dáta ó bhliain go bliain, de réir fhéilire na gealaí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDíbheálaí
Íomhá
Cineállá saoire
cóisir Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séfoinse sholais, Laicsmí, maith agus eolas Cuir in eagar ar Wikidata
Ashvin Krishna Trayodashi (en) Aistrigh
Ashvin Krishna Chaturdashi (en) Aistrigh
Ashvin Amavasya (en) Aistrigh
Kartik Shukla Pratipada (en) Aistrigh
Kartik Shukla Dwitiya (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama5 d Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran India, Fidsí, an Ghuáin, Oileán Mhuirís, Singeapór, Srí Lanca, Neipeal, Suranam, Maenmar, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus an Bhanglaidéis Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Féile na soilse
'Chakri craker'

Is í an fhéile is mó san India í, ach bíonn daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh freisin. Glaonn daoine Féile na Soilse ar Díbhealaí mar go mbíonn lampaí beaga ar lasadh.

Déanann muintir na hIndia ceiliúradh ar feadh cúig lá.[3] Ceiliúrann Suícigh agus Búdaithe áirithe an t-am seo chomh maith ar fud na Áise (úsáideann siad ainmneacha difriúla b'fhéidir).

Seasann an Fhéile seo do bhua na maithe ar an olc.[4] Ceiliúradh an fhómhair atá ann freisin.

Ravana

Nósanna cuir in eagar

  • Mar chuid den fhéile seo, lasann daoine lampaí cré lán le híle;[5] Cuireann daoine na lampaí ar leac na fuinneoige sa teach.
  • Cruthaíonn daoine pátrúin áille le gaineamh daite agus bláthanna.
  • Déantar milseáin Indiacha nó ‘mithai’ le seimilín, plúr cruithneachta, plúr sciphiseánaigh nó bainne tiubhaithe. Déantar iad a chumhrú le spíosraí milse, cuirtear cnónna agus rísíní iontu agus múnlaítear iad ina gcearnóga agus ina gciorcail dhaite;
  • An dán eipiciúil, an Ramayana a rá;[6]
  • Gléasadh le haghaidh Diwali, cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha, bia a roinnt, dul chuig an Teampall agus Diva a lasadh, srl.[7]
Déantar milseáin Indiacha nó ‘mithai’ le seimilín, plúr cruithneachta, plúr sciphiseánaigh nó bainne tiubhaithe.

Ceiliúradh cuir in eagar

Fógraíodh ceannaireacht Rishi Sunak ar Díbheálaí,[8] [9] B'iontach an t-athrú é i scéal Sunak a chaill rás ceannaireachta na dTóraithe in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair 2022.[10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Díbheálaí” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-13.
  2. "Diwali agus Samhain i dtuaisceart Bhéal Feirste" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-11-04.
  3. "Pósadh Diwali agus Samhain < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-11-04.
  4. cogg.ie (5 Nollaig 2012). "Eureka 9-10". Dáta rochtana: 2021.
  5. ccea.org.uk. "Lón Anamaː Aonad Téamach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-04. Dáta rochtana: 2021.
  6. "Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Nollaig 2013 by Conradh na Gaeilge - Issuu" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2021-11-04.
  7. nicurriculum.org.uk. "Creideamh agus Solasː Aonad Téamach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-04. Dáta rochtana: 2021.
  8. Dewali
  9. "Rishi Sunak a bheidh ina Phríomh-Aire ar an mBreatain agus rás na dTóraithe buaite aige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-24.
  10. Bhí Sunak sa dara háit i dtoghchán na ceannaireachta sa samhradh 2022 nuair a vótáil baill an pháirtí Chaomhaigh. 81,326 vóta a bhí ag Truss sa toghchán sin agus 60,399 ag Sunak.