Toradh triomaithe fíniúnacha áirithe. Fásann siad in áiteanna le séasúir fhada theo fáis, de bhrí gur gá na fíonchaora a bheith iomlán aibí. Triomaítear iad de ghnáth faoin nGrian. Sabhdánach an t-ainm ar an rísín ón bhfíonchaor sultanina gan síolta. Tá síolta sa mhuscrísín atá greamannach is a choimeádtar ina chrobhaing. Rísín le blas géar is comhdhéanamh ramhar, is cuirín é. Is maith an bia rísíní mar go bhfuil siúcra, vitimíní, iarann is mianraí eile iontu.

Raisins.jpg