Dlíthe Kirchhoff
I gciorcaid leictreacha, maidir le haon chumar a bhfuil 3 shreang nó níos mó ceangailte leis, bíonn suim na sruthanna isteach sa chumar cothrom le nialas, agus i lúb iata ciorcaid, bíonn suim na ndifríochtaí poitéinsil timpeall na lúibe cothrom le nialas. Díorthaítear iad ó imchoimeád an fhuinnimh is imchoimeád an luchta sa chiorcad. An-áisiúil in anailísiú ciorcad.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dlíthe Kirchhoff". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |