Doire an tSoirn

baile fearainn i gContae Chill Dara

Is baile suite in iarthuaisceart Chontae Chill Dara é Doire an tSoirn.[1] Tá an baile suite 30 ciliméadar siar ó thuaidh ó Bhaile Átha Cliath.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDoire an tSoirn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°16′58″N 6°52′54″W / 53.282664°N 6.881561°W / 53.282664; -6.881561
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,138 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús753.64 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla1.51 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde85 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie25493
An seanmhuileann gaoithe i nDoire an tSoirn

Bhí 1,541 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2011.

Tá Doire an tSoirn mar chuid de pharóiste sibhialta Ard Chille[2] agus barúntacht Chairbre[3]. Tá sé suite sa toghroinn siúd Cairbre.

Oideachas cuir in eagar

Tá bunscoil amháin sa bhaile - Scoil Naisíunta Naomh Conlaith.

Iompar cuir in eagar

Is é an bóthar réigiúnda N403 an príomhbhóthar a théann tríd an mbaile.

Freastalaíonn dhá sheirbhís de chuid Bhus Éireann ar an mbaile – mar atá 121 agus 120.

Spórt cuir in eagar

Níl cumann CLG dá gcuid fhéin sa bhaile, ach tá ceann amháin ó thiar i gCairbre agus ceann eile ó thoir i bhFiodh Alúine.

Creideamh cuir in eagar

Tá eaglais de chuid na hEaglaise Caitlicí i gcroílár an bhaile. Eaglais na Tríonóide Naofa atá uirthi[4].

Daoine mór le rá cuir in eagar

Saolaíodh an léiritheoir scannán Tony Adams (1953–2005) sa bhaile. Chuir Adam tús lena ghairm scannánaíochta ar an scannán ollmhór Deliverance mar fhear cúnta an stiúrthóra Shasanaigh John Boorman.

Léirigh Adams roinnt mórscannán as a stuaim féin chomh maith, amhail 10, Victor/Victoria agus sé cinn de scannáin Pink Panther.

Tagairtí cuir in eagar