Réigiún lagar aimsire, le haimsir scamallach chiúin agus gaotha éadroma aniar, faoi bhrú íseal atmaisféarach sa chrios coinbhéarseachta idirthrópaiceach amuigh ar na haigéin. Ó thuaidh uathu tá na trádghaotha anoir aduaidh, agus ó dheas uathu na trádghaotha anoir aneas. Is eol anois ó íomhánna satailíte gur gaotha anoir a bhíonn sna doldroma ach gur neamhleanúnach iad. D'fhágtaí longa seoil gan chóir gan phuth gaoithe iontu. Úsáidtear an téarma don lagar misnigh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Doldroma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 219.