Tugann na mílte Cruach Phádraig orthu féin ar Dhomhnach na Cruaiche (Garland SundayReek Sunday), oilithreacht ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil go hiondúil.[2] Tugann na hoilithrigh aghaidh ar Chruach Pádraig chun meas a léiriú d'Éarlamh na hÉireann trí aifreann a léamh ar mhullach na cruaiche.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDomhnach na Cruaiche
Cineállá saoire
oilithreacht Cuir in eagar ar Wikidata


Slua ar mhullach na cruaiche fadó[1]

Is gnách go meallann an oilithreacht na mílte duine le tabhairt faoin dúshlán. Tugann roinnt oilithreach aghaidh ar an gCruach cosnochta nó fiú ar a lámha agus ar a nglúine.[3]

Stair cuir in eagar

Téann an traidisiún siar breis agus cúig mhíle go leith bliain.[1] Fadó Domhnach Crom Dubh a bhí á chomóradh (agus á fhulaingt b’fhéidir) ó dheas ar Chnoc Bhréanainn i gCiarraí, in Iarthar Dhuíbhneach.[4]

  • 2017ː Gortaíodh trí dhuine dhéag ar Chruach Phádraig agus iad ag dreapadh an tsléibhe. Bhí an aimsir go holc ar fad. Tá traidisiún ann go ndreapann na hoilithrigh an sliabh cosnocht agus is dócha gurbh é sin an fáth ar gortaíodh an oiread sin daoine sa bhliain 2017.[5]
  • 2020ː Cuireadh an oilithreacht stairiúil ar ceal sa bhliain 2020 de bharr na paindéime Covid.
  • 2021ː Bhí an oilithreacht thar cheithre lá, Céadaoin go Satharn, gach seachtain á i rith mhí Iúil, agus bhí srian leis an líon daoine a bheidh ceadaithe ag na haifrinn faoin aer ar mhullach na Cruaiche,[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "History of Croagh Patrick, Croagh Patrick Information Centre, Murrisk, Westport, County Mayo, West of Ireland" (en). www.museumsofmayo.com. Dáta rochtana: 2021-06-24.
  2. Máire Ní Fhinneadha (2018). "Ní bhaineadh Turas na Cruaiche feacadh as mná breátha Mhaigh Eo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-24.
  3. WildAtlanticWay.com (2018). "Radharc Chruach Phádraig". Dáta rochtana: 2021.
  4. Cathal de Paor. "Lúnasa agus baint an fhómhair" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-06-24.
  5. ccea.org.uk (2017). "Nuacht BBC". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
  6. Nuacht RTÉ (2021-06-24). "Leagan amach nua ar Thuras na Cruaiche i mbliana" (as ga). 
  7. Maitiú Ó Coimín. "Ar lorg Phádraig Naofa i ndeisceart Mhaigh Eo…" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-06-24.