Domhnall Óg Ó Domhnaill

rí Thír Chonaill a fuair bás thart ar 1281

Rí Thír Chonaill de chlann Uí Dhomhnaill, chuid de Chineál Chonaill, ba ea Domhnall Óg Ó Domhnaill (Meán-Ghaeilge: Domnall Óg Ua Domnaill) (c. 1242-1281). Pearsa suntasach ba ea é san aighneas i gcoinne na n-Angla-Normannach san oirthuaisceart, agus gar-ghaoil aige le pearsana tábhachtacha eile san fheachtas, amhail is Aodh na nGall, an chéad a mheastar a thug galloglacligh ó Albain i nÉirinn isteach.

Infotaula de personaDomhnall Óg Ó Domhnaill
Beathaisnéis
Breith13 haois
Bás1281
Teaghlach
TeaghlachUí Dhomhnaill Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAodh Ó Domhnaill, Toirdhealbhach Ó Domhnaill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomhnall Mór Ó Domhnaill
SiblínGofraidh Ó Domhnaill agus Maol Seachlainn Ó Domhnaill

Níor chóir é a mheascadh le shliochtaigh den ainm céanna, nia Ruairí Uí Dhomhnaill, oidhre deireanach Thiarnas Thír Chonaill.

Bunús agus luath-bheatha cuir in eagar

Cruthaíodh Tír Chonaill, as cónaidhm treibheanna darbh ainm Cineál Chonaill, a mhaígh gurbh é Conall Gulban a sinsear. De réir sean-nóis, rinne coróin Tír Chonaill sealaíocht idir clanna comhraic Chineál Aodha, Uí Mhaoldoraidh agus Ui Canannain ina measc, suite i mbarúntacht Tír Aodha i ndeisceart chríocha Cineál Chonaill.

Timpeall na bliana 1200, tháinig clann eile chun cinn, Cineál Luighdeach, bunaithe i dtuaisceart Thír Chonaill thart ar Ráth Mealtain.[1] Éighneachán Ó Domhnaill ba ea an chéad duine dá mhuintir a rinneadh rí Thír Chonaill de.

Domhnall Mór mac Éighneacháin Ó Domhnaill, rí Thír Chonaill, agus a bhean chéile, Lasairfhíona ní Chathail Crobhdheirg, rí Chonnacht, ba ea tuistí Dhomhnaill Óig.[2][3] Tháinig Domhnall Mór i gcomharbacht ar a athair sa bhliain 1207 nó 1208 agus bhí réimeas fada agus sách síochánta aige go dtí uair a bháis sa bhliain 1241.[4]

D'éag athair Dhomhnaill Óig roimh a bhreith.[5] Bean chéile an tiarna Albanaigh, Maol Mhuire an Sparáin mac Suibhne mhic Dhuinnshléibhe, ba ea aintín Lasairfhíona, .i. Beanmhidhe ní Thoirdhealbhaigh Uí Chonchúir. Bhí an-tionchar ag muintir Mhaoil Mhuire ar bheatha Dhomhnaill Óig,[6] a chanúint láidir Albanach san áireamh.[7]

Ba suaite iad réimis leas deartháireacha níos sine reigns of Doimhnall Óig, .i. Maol Seachlainn agus Gofraidh,[8] D'éag Maol Seachlainn i gCath Bhéal Átha Seanaidh sa bhliain 1247, ag troid in éadan Maurice FitzGerald. Cuireadh Ruairí Ó Canannáin i gcoróin i dTír Chonaill tar éis an chatha seo. Cuireadh an ruaig air siúd agus bhí beirt eile ina gceannairí Thír Chonaill sular bhain Gofraidh go cinnte ann ríogacht amach sa bhliain 1250.[9] Fuair Gofraidh féin bás sa bhliain 1258, b'fhéidir mar thoradh na gcréachta a d'fhulaing sé i gCath Chreadrán Cille sa bhliain 1257, ag troid arís in éadan Maurice FitzGerald.[10]

Tar éis bhás Ghofraidhe, bhí easpa ceannaireachta i measc Cineál Chonaill agus rinne a chéile comhraic Cineál Eoghain, iarracht dul i dtír air as cáin a éileamh. Tháinig Domhnall Óg ocht mbliana déag d'aois abhaile óna altramas le Clann Suibhne[11][12][13] in Albain mar chomharba Ghofraidhe.[14][15]

Rí Thír Chonaill cuir in eagar

A bhuí le hiarrachtaí Dhomhnaill Óig le linn a réimis, d'éirigh leis idir cosc a chur ar leathadh na nAngla-Normannach san oirthuaisceart, agus Tír Chonaill a thabhairt chun cinn i saol polaitiúil na nUladh in éadan chlann Uí Néill, chomh maith le saol polaitiúil na hÉireann féin. Mhaígh sé a cheannas fosta ar thuaisceart na gConnacht.

Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí scéalaí ar fheachtais mhíleata Dhomhnaill Óig:

Fuair Domhnall Óg bás sa bhliain 1281 ag Cath Dhíseart Dá Chríoch (gar do Dhún gCanann) in éadan Aodha Bhuí Uí Néill, sinsear eapainmneach Chlann Aodha Bhuí. Tháinig a mhacsa Aodh i gcomharbacht air.[28]

Muintir cuir in eagar

Bhí Domhnall Óg pósta faoi dhó ar a laghad, agus bhí mac amháin ar a laghad aige le gach bean chéile. Iníon Eoin Mhic Shuibhne garmhic Mhaoil Mhuire an Sparáin, ba ea máthair a chomharba, Aodh.[29][30][31][32] Iníon Aonghasa Mhór, sinsear Clann Domhnaill, Tiarnaí na nOileán, ba ea máthair a mhic, Toirdhealbhach, a chuaigh i ngleic lena deartháir Aodh le haghaidh na ríogachta agus a rinneadh níos déanaí rí Thír Chonaill de.[33]

Oidhreacht cuir in eagar

Is suntasach é réimeas Dhomhnaill Óig as an gcomhdhlúthú cumhachta a tharla laistigh de Thír Chonaill. Réitigh sé an bealach do chlann gallóglaigh Mhic Suibhne agus chuir a athair dlí, Eoin Mac Suibhne, clann Uí Bhreisléin as tiarnas Fhánada timpeall na bliana 1263.

Bhí nasc ann idir Tír Chonaill agus iarthar na hAlban Scotland trying to Dhomhnaill Óig. Mar shampla, déag ball de chlann Mhic Shomhairle, Ruaidhrí mac Raghnaill b'fhéidir, ag troid ar son Mhaoil Seachlainn i gCath Bhéal Átha Seanaidh.

I ndiaidh Dhomhnaill Óig go dtí an ré luath-nua-aimseartha, shocrófaí cothromaíocht na cumhachta laistigh de Thír Chonaill ag achrann idir fo-chlanna Uí Dhomhnaill agus Mhic Suibhne, go minic le tacaíocht Albanach, agus ní ag na clanna tradisiúnta Chineál Aodha, Uí Mhaoldoraidh agus Uí Chanannáin.

Foinsí cuir in eagar

  • McKenna, L (1946). "Some Irish Bardic Poems: LXXVII". Studies: An Irish Quarterly Review 35 (137): 40–44. ISSN 0039-3495. JSTOR 30099620. 
  • Walsh, P (1938). "O Donnell Genealogies". Analecta Hibernica (8): 373, 375–418. ISSN 0791-6167. JSTOR 30007662. 
  • O'Clery, Michael (1845). "The annals of Ireland, tr. from the orig. Irish of the Four masters by O. Connellan": 74;80;83;86;88;89;90;92. Dublin: Oxford University. 
  • O’Donnell, Francis Martin (2018), The O'Donnells of Tyrconnell – A Hidden Legacy, Washington, D.C.: Academica Press LLC, ISBN 978-1-680534740 See pages 39 and 230.
  • Teimpléad:Cite thesis
  • Duffy, S (2002). "Robert the Bruce's Irish Wars: The Invasions of Ireland 1306–1329": 45–70. Stroud: Tempus Publishing. 
  • Parkes, P (2006). "Celtic Fosterage: Adoptive Kinship and Clientage in Northwest Europe". Comparative Studies in Society and History 48 (2): 359–395. doi:10.1017/S0010417506000144. ISSN 1475-2999. JSTOR 3879355. 
  • Simms, K (2001). "The Clan Murtagh O'Conors". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 53: 1–22. ISSN 0332-415X. JSTOR 25535718. 
  • Ó hUiginn, Ruairí (2016). "Ollam: Studies in Gaelic and Related Traditions in Honor of Tomás Ó Cathasaigh": 101–114. Stroud: Rowman & Littlefield. 

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ó hUiginn (2016), lch. 103
  2. Simms (2001), lch. 14, tab. ii
  3. McKenna (1946), lch. 40.
  4. Ó hUiginn (2016), lch. 104
  5. Ó hUiginn (2016), lch. 111
  6. O'Clery (1845), lch. 86
  7. Ó hUiginn (2016), lch. 110
  8. Simms (2001), lch. 14, tab. ii.
  9. Ó hUiginn (2016), lch. 105
  10. Ó hUiginn (2016), ll. 110-111
  11. Parkes (2006), lch. 368 n. 19
  12. Duffy (1993), ll. 127, 153
  13. McKenna (1946), ll. 40, 42 § 22, 44 § 22.
  14. Ó hUiginn (2016), lch. 110
  15. O'Clery (1845), lch. 74
  16. O'Clery (1845), lch. 80
  17. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1259.14
  18. O'Clery (1845), lch. 83
  19. ACM 1262.9
  20. O'Clery (1845), lch. 83
  21. ACM 1263.11
  22. O'Clery (1845), lch. 88
  23. ACM 1272.9
  24. O'Clery (1845), lch. 89
  25. ACM 1273.9
  26. O'Clery (1845), lch. 90
  27. ACM 1275.8
  28. O'Clery (1845), lch. 92
  29. Parkes (2006), lch. 368 n. 19.
  30. Duffy (2002), lch. 61
  31. Duffy (1993), lch. 153
  32. Walsh (1938), lch. 377.
  33. Duffy (1993), lch. 154.