Domhnall Claon mac Lorcáin

(Athsheolta ó Domnall Cláen)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Domhnall Claon mac Lorcáin (Sean-Ghaeilge Domnall Cláen mac Lorcáin (bás 984). Lorcán mac Faoláin ba ea a athair.

Infotaula de personaDomhnall Claon mac Lorcáin
Beathaisnéis
Breith10 haois
Bás984 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDonnchad mac Domnaill Cláin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLorcán mac Faoláin

Feictear Domhnall ar suas sna hannála Éireann sa bhliain 972, nuair a mharaigh sé rí Laigean, Murchad mac Finn Uí Fhaoláin, go fealltach dar le hAnnála Uladh.[1][2][3][4]

D'éirigh Domhnall ina rí tar éis bhás Aughaire mhic Thuathail Uí Mhuireadhaigh sa bhliain 978 ag Cath Bhiothlainne, Contae Chill Dara, ag tríd in éadan na n Gael-Ghall as Áth Cliath. Sa bhliain 979, gabhadh Domhnall ar chúis éigin anaithnid ag na hÁth Cliathaigh. Molann Hudson gurbh fhíoch bunaidh a bhí i gceist, óir gur mhac chéile Murchadha, an té a mharaigh Domhnall, é rí Átha Cliath, Amlaíb Cuarán.[5][6] Ligeadh saor é sa bhliain 980 tar éis chliseadh na nÁth Cliathach ag an Ardrí, Maol Seachnaill mac Domhnaill.[7][8][9]

Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí Domhnall i gcomhaontas le hÍomhar Phort Láirge i gcoinne Mhaoil Seachnaill agus rí nua Atá Cliath, leasdeartháir Mhaoil Seachnaill, Glúniairn. Cloíodh go dona Domhnall agus Íomhar agus scrios Maol Seachnaill na Laigin.[10][11][12]

An bhliain dár gcionn, 984, maraíodh Domhnall ag fir Uí Chinnsealaigh as na Laigin Theas. Insítear i nAnnála Tiarnaigh gurbh é Áed mac Echtigern a bhí ciontach. Tháinig Donnchadh mac Domhnaill, i gcomharbacht ar a athair mar rí na Laigean.[13][14][15] Anbhás a fuair Aodh, dúnmharfóir Dhomhnaill, maraithe féin ag céile comhraic, Donnchadh Maol na mBó, laistigh den eaglais ag Fearna.[16]

Foinsí cuir in eagar

  • The Annals of Ulster AD 431–1201, CELT: Corpus of Electronic Texts, 2003, aisghafa 2009-01-02
  • The Annals of Tigernach, CELT: Corpus of Electronic Texts, 1996, aisghafa 2009-01-02
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8, OCLC 714871
  • Downham, Clare (2007), Viking Kings of Britain and Ireland: The Dynasty of Ívarr to A.D. 1014, Edinburgh: Dunedin, ISBN 978-1-903765-89-0, OCLC 163618313
  • Hudson, Benjamin T.; Harrison, B. (2004), "Óláf Sihtricson (c.926–981)", Oxford Dictionary of National Biography, doi:10.1093/ref:odnb/25544, aisghafa 2007-10-25
  • Stokes, Whitley, ed. (1895–1897), "The Annals of Tigernach", Revue Celtique, Paris: Librairie Émile Bouillon, 16–18, OCLC 35299561

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Irish Kings, ll. 150–151 & 289, tábla 9
  2. Downham, Viking Kings, lch. 51
  3. Annála Uladh, AU 972.2, 978.3
  4. Annála Tiarnaigh, AT 978.2.
  5. Hudson, "Óláf Sihtricson"; Downham, Viking Kings, lch. 51
  6. AT 979.2.
  7. Downham, Viking Kings, pp. 51–52
  8. AU 980.1
  9. AT 980.3, 980.4.
  10. Downham, Viking Kings, ll. 56, 252, 260
  11. AU 983.2
  12. AT 983.1 & 983.3.
  13. Byrne, Irish Kings, lch. 289, tábla 9
  14. AU 984.3
  15. AT 984.1.
  16. AT 1003.4.