Donnchadh Mac Cárthaigh, 1ú Tiarna Chlann Chartaigh
Ba shaighdiúir, agus polaiteoir Éireannach é Donnchadh Mac Cárthaigh, 1ú Tiarna Chlann Chartaigh ( 1594–1665 ). Tháinig sé i gcomharbacht ar an 2ú Bíocunta Múscraí sa bhliain 1641. D' éirigh sé amach in aghaidh an rialtais, ag éileamh saoirse creidimh mar Chaitliceach agus ag cosaint cearta na n-uaisle Gaelacha i Comhdháil Chaitliceach na hÉireann. Níos déanaí, thacaigh sé leis an Rí i gcoinne a naimhde Parlaiminte le linn an concas Chromail ar Éirinn, cuid de Cogaí na dTrí Ríochta, ar a dtugtar freisin Cogadh Cathartha na Breataine.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1594 |
Bás | 1665 70/71 bliana d'aois |
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | uasal, polaiteoir |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta |
Céile | Eleanor Butler |
Páiste | Justin McCarthy, Bíocunta Mhoin Caisil, Charles MacCarty, Bíocunta Mhúscraí, Callaghan MacCarty, 3rd Earl of Clancarty (en) , Helen MacCarty, An Bhantiarna Maighréad Nic Cárthaigh |
Athair | Charles MacCarty, 1st Viscount Muskerry (en) agus Maighréad Ní Bhriain |
Shuigh sé i dTeach na gComóntach i bparlaimintí na hÉireann 1634 -1635 agus 1640 -1649, áit ar chuir sé i gcoinne Strafford, príomhghobharnóir tiarnúil an rí Séarlas I. Sa bhliain 1641 bhí baint aige le bás Strafford. Chuaigh sé i bpáirt le éirí amach na hÉireann 1641 nuair a shroich sé a eastáit i gCúige Mumhan. Throid sé leis an rialtas ag Léigear Luimnigh (1642) agus Cath Lios Cearúill. Chuaigh sé i bpáirt le Caitlicigh na Comhdhála agus shuigh sé ar a gComhairle Uachtarach. Bhí sé i gceannas ar pháirtí síochána na Comhdhála a a bhí i gcoinne na faicsin cléireachais faoi cheannas Rinuccini, nuinteas an Phápa. Throid sé i gCogadh na hAon Bhliana Déag, agus é i gceannas ar na coisithe ag Cath na Cloiche Léithe i mí an Mheithimh 1643. Bhí sé i mbun idirbheartaíochta an tsosa cogaidh i Meán Fómhair 1643, agus an tsíocháin i 1646 idir lucht na Comhdhála agus an Rí a idirbheartú. Sa bhliain 1646 bhrú se lucht na Parlaiminte amach as Caisleán Bhun Raithe. Le linn choncas Chromail, chaill sé Cath Chnocán na Claise i 1651 ach lean sé ar aghaidh go dtí 1652, agus é ar cheann de na de na comhraiceoirí deiridh a ghéill. Sa bhliain 1653 le linn an Chomhlathais sheas sé ar a thriail as coireanna cogaidh ach éigiontaíodh é. Agus é ar deoraíocht ar an mór-roinn, chruthaigh Séarlas II ina Thiarna Chlann Chartaigh. Ghnóthaigh sé a chuid tailte ar ais nuair a athchóiríodh an mhonarcacht i 1660.
Breith agus tír thionscnaimh
cuir in eagarRugadh Donnchadh Mac Cárthaigh sa bhliain 1594 i gContae Chorcaí, is dócha i gCaisleán na Blarnan nó i gCaisleán Mhaigh Chromtha, áit chónaithe a thuismitheoirí. Ba é an dara mac ba shine a mhair a bhí ag Cormac óg Mac Cárthaigh (nó Sir Charles MacCarthy sa Bhéarla) agus a chéad bhean Margaret O'Brien. Sir Charles MacCarthy a bhí an teideal an 16ú Tiarna Múscraí ag a seanathair athartha, Cormac MacDermot MacCarthy, ba leis an talamh shinsearach a chlúdaigh codanna móra de lár Chontae Chorcaí. Ba iad muintir a athar muintir Mhúscraí, ríshliocht Ghaelach a tháinig chun cinn ón ghinealach Mhic Cárthaigh Mhóir sa 14ú haois nuair a fuair mac níos óige Múscraí mar apanage.
Ba í máthair Dhonnchaidh an iníon ba shine ag Donnchadh Ua Bhriain, 4ú Iarla Thuamhan. Ainmníodh Donnchadh don seanathair seo (ní raibh Donnchadh eile i ríshliocht Mhic Cárthaigh Mhúscraí). Síolraigh sí ó na huaisle Ghaelach Uí Bhriain, de shliocht Bhrian Bóramha, ardrí na hÉireann san Mheánaois.
Phós a tuismitheoirí thart ar 1590. Bhí deartháir agus cúigear deirfiúracha aige, atá liostaithe in alt a hathar.