Drew Binsky
Is blagálaí agus fís-bhlagálaí taistil Meiriceánach é Drew Goldberg, ar a dtugtar Drew Binsky air fosta, (a rugadh ar 24 Bealtaine, 1991). Déanann Binsky a chuid taistil a dhoiciméadú ar a chainéal YouTube agus ar chuntais meán sóisialta eile. Faoi Mhárta 2020, bhí cuairt tugtha aige ar 191 tír agus bhí beartaithe aige cuairt a thabhairt ar gach tír ar domhan faoi Mheitheamh 2020 go dtí gur chuir paindéim COVID-19 a thurais go dtí an cúpla thír dheireanach ar fionraí. Bhí Curiarracht Domhanda Guinness don chuid is mó de chuairteanna ar Shuíomhana Oidhreachta Domhanda UNESCO i 24 uair an chloig aige ó 2016 go 2019.[1]
(2019) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Bealtaine 1991 33 bliana d'aois Dallas, Texas |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Wisconsin–Madison - Bachelor of Economics (en) (–2013) |
Áit chónaithe | Scottsdale Bancác Súl |
Airde | 170 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | físbhlagálaí, léiritheoir teilifíse, cruthaitheoir YouTube, travel blogger (en) |
Tréimhse oibre | 2015 – |
Suíomh gréasáin | drewbinsky.com |
Óige agus oideachas
cuir in eagarRugadh Binsky leis an ainm Drew Goldberg i Dallas, Texas, SAM agus d’fhás sé suas i Scottsdale, Arizona, SAM.[2] Is leasainm de bhunadh Giúdach Gearmánach a thug a theaghlach dó é "Binsky".[3] D’fhreastail sé ar Ollscoil Wisconsin-Madison, agus bhain sé céim san eacnamaíocht agus san fhiontraíocht amach in 2013.[4] Le linn a bhliana sóisearaí ar an ollscoil, ghlac sé páirt i gclár staidéir thar lear i bPrág, An tSeic.[5] Rinne sé staidéar ansin ar feadh seimeastar,[6] agus lena linn sin thaistil sé chuig níos mó ná 20 tír fud fad na hEorpa, agus shocraigh sé slí bheatha a dhéanamh as taisteal.[7]
Slí Bheatha
cuir in eagarI ndiaidh dó críochnú leis an ollscoil ghlac Goldberg post ag teagasc Béarla i Seoul sa Chóiré Theas. Chaith sé 18 mí ansin, agus thaistil sé go 20 tír san Áise le linn na tréimhse sin. D'éirigh sé as a phost teagaisc i mí Eanáir 2015 agus dhírigh sé ar thaisteal go lánaimseartha ina dhiaidh sin. Faoi Dheireadh Fómhair 2015, bhí cuairt tugtha aige ar 73 tír san iomlán.[8] Chomh maith leis sin chuir sé tús le blag darb ainm "The Hungry Partier"[9] (ar a tugadh "Drew Binsky" air ina dhiaidh sin) agus thosaigh sé ag déanamh taifead dá chuid taistil ar Instagram agus Snapchat.
In 2017, cheannaigh a ghirseach, Deanna Sallao, ceamara dó agus spreag sin é le físeáin a chruthú agus iad a phostáil ar a chainéal YouTube (ar a dtugtar "Drew Binsky" air fosta). Is minic a uaslódálann sé físeáin chuig an cainéal. I mí na Bealtaine 2017, d'uaslódáil sé físeáin de thuras eagraithe chun na Cóiré Thuaidh ar a chainéil YouTube agus Facebook. Chruinnigh na físeáin os cionn 10 milliún amharc. Thosaigh Binsky ag saothrú airgid ó ioncam fógraíochta ar YouTube agus Facebook agus ghlac sé páirt i gcomhpháirtíochtaí urraithe le brandaí éagsúla. Tá os cionn 4 mhilliún leantóir aige ar na meáin shóisialta agus tá dhá Churiarracht Domhanda Guinness aige: ag tabhairt cuairt ar an mhéid is mó suíomhanna Oidhreachta UNESCO i dtréimhse 24 uair an chloig agus an pacáil cáis is gaiste a dhéanamh.[10] In 2018, thosaigh sé ag cónaí i mBancác na Téalainne .[11]
In 2020, d’fhógair Binsky go n-eisofar clár faisnéise fána chuid taistil darb ainm Border 197.[12]
Bhain sé a thír deireanach atá ina bhall de na Náisiúin Aontaithe, An Araib Shádach, amach ar an 29ú Deireadh Fómhair 2021.[13]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-26.
- ↑ Melissa Shannahan (21 Meitheamh 2016). "Drew Binsky: How a Scottsdale blogger went around the world on Snapchat, Instagram". Dáta rochtana: 15 Eanáir 2021.
- ↑ Debra Killalea (1 Bealtaine 2017). "Three days in North Korea: Drew ‘Binsky’ Goldberg’s video aims to change the way you see the DPRK". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
- ↑ Uptin Saiidi (18 Márta 2019). "His parents wanted him to get a corporate job, until he made $154,000 in one year". CNBC Make It. Dáta rochtana: 15 Eanáir 2021.
- ↑ Elizabeth Thomas (8 Eanáir 2019). "https://www.asianage.com/life/more-features/080119/drew-drawn-to-the-world-map.html". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
- ↑ Mollie Goodfellow (14 Deireadh Fómhair 2015). "MAN DEDICATES HIS 20S TO TRAVELLING THE WORLD - THEN LISTS HIS WORST EXPERIENCES". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
- ↑ Mandira Wijerathna (20 Eanáir 2019). "Travelling with Drew Binsky". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
- ↑ Mollie Goodfellow (23 Deireadh Fómhar). "THE BEST COUNTRIES IN THE WORLD TO VISIT (ACCORDING TO A MAN WHO'S BEEN TO 73 OF THEM)". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
- ↑ Emily Chan (4 Samhna 2015). "Lessons from the road: Tips from a 24-year-old who's travelled to 74 countries". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-US). www.timesofisrael.com.
- ↑ Anasuya Menon (9 Eanáir 2019). "On board with Drew Binsky". Dáta rochtana: 10 Iúil 2019.
- ↑ "Cóip cartlainne". drewbinskydocumentary.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-12. Dáta rochtana: 2021-02-18.
- ↑ "Drew Bimsky - Instagram". www.instagram.com (2021-10-29). Dáta rochtana: 2021-11-03.