Droichead ar snámh, iompartha ar phontúin, is ea an droichead pontúin. Is féidir go mbeidh an struchtúr sealadach (le haghaidh úsáide míleata, mar shampla) nó buan (mar a bhfuil an t-uisce domhain is an talamh mí-oiriúnach, ionas go mbeadh piaraí an-daor). De ghnáth is é a bhíonn sna pontúin ná báid leathantónacha, sorcóirí cuasacha miotail, nó raftaí coincréite. Trasnaíonn 3 dhroichead buan pontúin coincréite Loch Washington i Seattle.[1]

Evergreen Point Floating Bridge, Seattle, Washington

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Droichead pontúin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 223.