Duaithníocht
Patrún dathanna ar ainmhí a chabhraíonn len é a chosaint. I ndathú duaithne (nó duaithníocht), meascann an patrún leis an timpeallacht. I ndathú suaiteach, moillítear aithint ainmhí mar tarraingítear aird an fhoghlaí ar airí nó dhó den phatrún.
Bíonn dathú rabhaidh feiceálach, agus léiríonn airíonna do-ite nimhiúla nó díobhálacha an ainmhí don fhoghlaí len é a éaradh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dathú cosanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |