Duillárthach
cineál báid
Soitheach í duillárthach[1][2] ar féidir a thoillíocht (an toirt uisce a thógann nó a dhíláithríonn sé chun a bhuacacht a chinntiú) a laghdú trína ardú amach as an uisce tar éis luas áirithe a bhaint amach.
Saintréithe teicniúla | |
---|---|
Cineál | watercraft (en) |
Bíonn scragaill gléasta ar thaobhanna an tsoithigh níos doimhne ná doimhneacht na cabhlach, ionas go mbíonn siad mar eiteoga san aer agus an soitheach ag cúrsáil.
Rinneadh trialacha ar a leithéid de shoitheach san Iodáil i 1906, ach níor cuireadh i seirbhís chumarsáideach é go dtí na 1950idí. Éiríonn leis na hárthaí seo ar locha agus farraigí mar a mbíonn na huiscí socair an chuid is mó den am.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ““hydrofoil” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-14.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “hydrofoil — Aistriúchán Gaeilge ar hydrofoil (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hiodrascragall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi long é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |