Club Peile Dhún Dealgan

(Athsheolta ó Dundalk Football Club)
Club Peile Dhún Dealgan
Peil
Leasainmneacha - The LilywhitesThe Town
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Dathanna: Bán - Dubh
Sonraí ginearálta
Cathair: Dún Dealgan
Tír: Éire
Cónaidhm: UEFA
Sraith: Príomhroinn Shraith na hÉireann
Bunaithe: 1903
Cathaoirleach:  ?
Traenálaí:  ?
Staidiam: Páirc Oirialla
(3,000 suíocháin - 4 500 áit)
Suíomh: www.dundalkfc.com

Is club peile Éireannach é Club Peile Dhún Dealgan (Béarla: Dundalk Football Club) as Dún Dealgan, i gContae Lú. Is iad a leasainmneacha ná The Lilywhites agus The Town. Imríonn an fhoireann i bPríomhroinn Shraith na hÉireann.[1] Is é Shane Keegan traenálaí na Lilywhites agus is é Bill Hulsizer cathaoirleach an chlub.[2] Tá an club faoi úinéireacht grúpa infheisteoirí faoi stiúir Peak6 Investments LLC.[3] Cheannaigh siad an club in 2018.[3]

Stair cuir in eagar

1903-1929 cuir in eagar

Bunaíodh Great Northern Railway ar dtús i lár na 1890idí mar chlub rugbaí.[4] In 1903, rinneadh club sacair de.[4] Great Northern Railway Football Club, Dundalk an t-ainm a bhí air ansin.[5] Ba le Great Nothern Railway an club agus bhí sé á reáchtáil ag coiste bainistíochta.[5] D'imir siad sna sraitheanna áitiúla íochtaracha go dtí 1922/23 nuair a chuaigh siad ar aghaidh chuig Sraith Sinsearach Laighean.[5] D'imir siad ceithre shéasúr sa tsraith sin.[5] In 1926/27, chuaigh siad ar aghaidh go dtí Sraith na hÉireann.[5]

1930-1965 cuir in eagar

In 1930, athraíodh ainm an chlub go foirmiúil go Dundalk Football Club.[4] In 1932, athraíodh an club go dtí an comhlacht teoranta ballbhunaithe, Dundalk Association Football Club Limited.[5] Toghadh coiste bainistíochta chun an comhlacht teoranta ballbhunaithe a reáchtáil.[6] Bhuaigh an club Sraith na hÉireann den chéad uair in 1932/33.[7] In 1937/1938 bhuaigh siad Corn Chathair Bhaile Átha Cliath.[7] Ba é an chéad chluiche ceannais coirn a bhuaigh siad.[8] In 1941/42 bhuaigh siad Corn Chumann Peile na hÉireann den chéad uair.[7] In 1950/51, bhuaigh an club Corn Sinsearach Laighean den chéad uair.[7] Tar éis dóibh Sraith na hÉireann a bhuachan den dara huair in 1962/1963,[7] d'imir siad ina gcéad chomórtas Eorpach in 1963/64.[9] D'imir siad i gCorn na hEorpa agus bhuaigh siad a gcluiche as baile i gcoinne Zürich (chaill siad ar scór comhiomlán, áfach).[9] Ba iad an chéad fhoireann Éireannach riamh a bhuaigh cluiche as baile san Eoraip.[9]

1966-1995 cuir in eagar

 
An Bealach Isteach, Páirc Oirialla

In 1966, chuaigh an comhlacht teoranta ballbhunaithe faoi leachtú toilteanach.[5] Ghlac comhlacht poiblí teoranta nua an club agus rinne siad infheistíocht ann.[10] In 1966/67 bhuaigh an club trí chomórtas in aon séasúr amháin den chéad uair. Sa séasúr sin, bhuaigh siad a gcéad Sciath Shraith na hÉireann, bhuaigh siad Sraith na hÉireann den tríú huair agus bhuaigh siad an Corn Top Four den dara huair.[11] Sa séasúr 1967/68, imríodh peil na hEorpa den chéad uair i staid an chlub, Páirc Oirialla.[12] D'imir siad Vasas SC as an Ungáir ach chaill siad 1-0.[12] In 1977/78, bhuaigh an club Corn Shraith na hÉireann den chéad uair.[7] Sa séasúr 1978/79, bhuaigh an club Corn Chumann Peile na hÉireann agus Sraith na hÉireann.[13] Ba é an chéad uair a bhuaigh siad an tsraith agus an corn sa séasúr céanna.[7] Tar éis dóibh Sraith na hÉireann 1978/79 a bhuachan, chuaigh siad ar aghaidh go Corn na hEorpa 1979/80.[14] D'éirigh leo bheith sa 16 fhoireann dheireanacha an bhliain sin.[15] Ba bheag nár cháiligh siad do na cluichí ceathrú ceannais ach chaill siad 3-2 ar scór comhiomlán i gcoinne Celtic.[14] Ba é sin an t-éacht ba mhó a rinne siad san Eoraip ag an am.[15] In 1985, roinneadh Sraith na hÉireann ina dá leath nuair a cruthaíodh Príomhroinn Shraith na hÉireann agus an Chéad Roinn de Shraith na hÉireann.[16] D’fhan na Lilywhites i bPríomhroinn Shraith na hÉireann. In 1992, bunaíodh Príomhroinn Shasana.[17] Thit líon na dticéad a díoladh le haghaidh cluichí agus bhí deacrachtaí airgeadais ag an gclub.[18] Sa bhliain 1994, shábháil lucht tacaíochta airgeadais nua an club ó bheith bancbhriste.[19] Chuaigh an seanchomhlacht faoi leachtú agus ghlac Dundalk AFC Interim Limited an club.[5]

1996-2013 cuir in eagar

Faoi shéasúr 1996/97, tháinig meath ar an gclub agus ag deireadh an tséasúir bhí orthu cluiche dícháilithe a imirt.[20] Bhuaigh siad an cluiche dícháilithe i gcoinne Chumann Peile Phort Láirge Aontaithe áfach, agus d’fhan siad i bPríomhroinn Shraith na hÉireann.[20] Sa séasúr 1998/99, bhí an club i bhfiacha arís.[21] Tharla sé seo mar gheall ar an líon íseal ticéad a díoladh le haghaidh cluichí agus an laghdú ar fhoinsí ioncaim eile.[21] Mar gheall ar na deacrachtaí airgeadais, chaill an club roinnt imreoirí an-mhaith.[22] Ag deireadh an tséasúir 1998/99, fuair na Lilywhites ísliú céime go dtí an Chéad Roinn de Shraith na hÉireann tar éis 73 bliain i bPríomhroinn Shraith na hÉireann.[22] Sa bhliain 2000, ghlac comharchumann comhdhéanta de lucht tacaíochta an chlub úinéireacht ar an gclub agus rinne siad infheistíocht ann.[23] Sa bhliain 2000/01, bhuaigh siad an Chéad Roinn de Shraith na hÉireann agus tugadh ardú céime dóibh ar ais go dtí Príomhroinn Shraith na hÉireann.[24] In 2001/02, áfach, fuair siad ísliú céime go dtí an Chéad Roinn de Shraith na hÉireann arís.[25] Aontaíodh in 2006 nach bhféadfadh an comharchumann leanúint ag tacú leis an gclub agus thug príomhoifigeach feidhmiúcháin an chlub ag an am, Gerry Matthews, an club ar ais faoi úinéireacht phríobháideach.[5] Sa bhliain 2008, bhuaigh siad an Chéad Roinn de Shraith na hÉireann agus tugadh ardú céime dóibh ar ais go dtí Príomhroinn Shraith na hÉireann.[26] In 2012, chinn Gerry Matthews deireadh a chur lena thacaíocht airgeadais.[27] Ghlac Andy Connolly agus Paul Brown, úinéirí urraitheoirí oifigiúla an chlub, Fastfix, seilbh ar an gclub.[28] Ansin, cheap Paul Brown agus Andy Connolly Stephen Kenny mar bhainisteoir nua an chlub do shéasúr 2013.[28]

2014-2021 cuir in eagar

In 2014, bhuaigh siad Príomhroinn Shraith na hÉireann den chéad uair ó 1994/95.[29] Bhuaigh siad Corn Shraith na hÉireann an séasúr sin den chúigiú huair freisin.[7] In 2015, bhuaigh an club trí chomórtas in aon séasúr amháin den chéad uair ó 1966/67.[7] Sa séasúr sin, bhuaigh siad Príomhroinn Sraith na hÉireann, Corn Chumann Peile na hÉireann agus Corn Sinsearach Laighean.[7] In 2016, bhuaigh na Lilywhites Príomhroinn Shraith na hÉireann den tríú huair as a chéile.[7] Ó scoilteadh Sraith na hÉireann ina dá leath, níor bhuaigh aon chlub riamh Príomhroinn Shraith na hÉireann trí huaire as a chéile. Ba é Club Peile Dhún Dealgan an chéad chlub a rinne an t-éacht sin.[30] In 2016, cháiligh an club le haghaidh na mbabhtaí cáilithe de Shraith na Seaimpíní. Bhuaigh Legia Warszawa 3-1 orthu ar scór comhiomlán, áfach.[31] Mar gheall air seo, cháiligh na Lilywhites le haghaidh chéim na ngrúpaí de Shraith Europa UEFA. Chríochnaigh a gcéad chluiche i gcéim na ngrúpaí ar comhscór 1-1 agus bhuaigh siad a dara cluiche 1-0.[32] Ba iad an chéad fhoireann Éireannach riamh a fuair pointí i gcéim ghrúpa de chomórtas Eorpach.[32] In 2018, ghlac infheisteoirí Mheiriceá, Peak6 Investments LLC, seilbh ar an gclub.[3] In 2019, tháinig Vinny Perth in áit Stephen Kenny mar bhainisteoir.[33] Sa séasúr sin, bhuaigh siad Príomhroinn Shraith na hÉireann, Corn Shraith na hÉireann[7] agus Corn na Seaimpíní (Uile-Éireann).[34] In 2020, tháinig Filippo Giovagnoli in áit Vinny Perth mar bhainisteoir.[35] Sa séasúr sin, bhuaigh an club Corn Chumann Peile na hÉireann.[7] In 2021, tháinig Shane Keegan in áit Filippo Giovagnoli mar bhainisteoir.[36]

Onóracha cuir in eagar

Liosta trófaí cuir in eagar

Comórtais Reatha cuir in eagar

Comórtas Méid Bliain
Sraith na hÉireann / Príomhroinn Shraith na hÉireann 14 1932/33, 1962/63, 1966/67, 1975/76, 1978/79, 1981/82, 1987/88, 1990/91, 1994/95, 2014, 2015, 2016, 2018, 2019.[7]
An Chéad Roinn de Shraith na hÉireann 2 2000/01, 2008.[7]
Corn Chumann Peile na hÉireann 12 1942, 1949, 1952, 1958, 1977, 1979, 1981, 1988, 2002, 2015, 2018, 2020.[7]
Corn Shraith na hÉireann 7 1977/78, 1980/81, 1986/87, 1989/90, 2014, 2017, 2019.[7]
Corn Sinsearach Laighean 7 1951/52, 1960/61, 1970/71, 1973/74, 1976/77, 1977/78, 2015.[7]
Corn Uachtarán Chumann Peile na hÉireann 3 2015, 2019, 2021.[7]
Corn na Seaimpíní (Uile-Éireann) 1 2019.[34]

Comórtais Scortha cuir in eagar

Comórtas Méid Bliain
Sciath Shraith na hÉireann 2 1966/67, 1971/72.[7]
Corn Uachtarán Chumann Peile Laighean 9 1930/31, 1951/52, 1963/64, 1964/65, 1979/80, 1980/81, 1981/82, 1988/89, 1989/90.[7]
Corn Chathair Bhaile Átha Cliath 5 1937/38, 1942/43, 1948/49, 1967/68, 1968/69.[7]
Corn Idirchathracha 1 1942.[7]
Corn Top Four 2 1963/64, 1966/67.[7]

Staid cuir in eagar

Páirc Oirialla cuir in eagar

 
Páirc Oirialla (An Príomhsheastán)

Ó 1903 go 1936, imríodh an chuid is mó dá gcuid cluichí sna Athletic Grounds.[5] In 1936, bhog an club go buan go dtí páirc pheile nua.[5] D'ainmnigh an club an pháirc pheile seo go hoifigiúil mar Oriel Park [5] (Gaeilge: Páirc Oirialla). In 1967, suiteáladh tuilsoilse i bPáirc Oirialla.[12] In 2005, chuir siad síos féar saorga sa pháirc.[37] In 2017, chuir siad páirc astroturf nua ina áit.[37] Tá áit i bPáirc Oirialla le haghaidh 4,500 duine (3,000 duine ina suí agus 1,500 duine ina seasamh).[38] Sa staid, tá dhá sheastán atá clúdaithe, ceann ar gach taobh den pháirc. Téann an príomhsheastán siar go dtí na 1960idí agus tá díreach os cionn 1,000 suíochán ann.[39] Tá na seomraí feistis, beáir de chuid an chlub, na hoifigí agus an siopa club i bpríomhfhoirgneamh an tseastáin freisin.[40] Tá léibhinn gan chumhdach os comhair an phríomhsheastáin agus ar gach taobh de ina bhfuil níos mó suíochán.[41] Tugtar The Shed ar an seastán ar an taobh eile den pháirc.[41] Is léibheann é le suíocháin fheistithe air agus tá díon air a chlúdaíonn é.[41] Tá an bosca tráchtaireachta os cionn The Shed.[41] Tá suíocháin gan chumhdach ar an dá thaobh de The Shed freisin.[41] Tá áiteanna taobh thiar de na cuaillí báirí, áit ar féidir le lucht tacaíochta bheith ina seasamh freisin.[41] Faoi chatagóirí staid UEFA, is staid de chuid chatagóir 2 é Páirc Oirialla.[42] Mar gheall air seo, is féidir cluichí Eorpacha áirithe a imirt i bPáirc Oirialla.[42]

Feisteas Peile cuir in eagar

Baile cuir in eagar

Sa chéad séasúr tar éis an Chéad Chogadh Domhanda (1918/19), chaith Great Northern Railway, Dundalk geansaithe a raibh stríoca dubha agus ómra in éineacht le brístí peile bána.[4] I séasúr 1927/28, d’athraigh siad go geansaithe bána agus brístí peile dúghorma le cóta airm an bhaile orthu mar an suaitheantas.[43] In 1939/40, chaith siad geansaithe gorma agus marúin in éineacht le brístí peile bána.[44] Athraíodh an feisteas peile ansin go geansaithe bána agus brístí peile dubha. D’fhan sé sin mar an gcéanna go dtí an lá atá inniu ann.[45] Ach, le linn na mblianta tá dearg curtha leis na geansaithe.[46]

As Baile cuir in eagar

Baineadh úsáid as meascán de dhathanna éagsúla le haghaidh na bhfeisteas peile as baile thar na blianta. Bhí an feisteas peile as baile in 2010 i ndath dearg ar fad.[45] Is éard a bhí i bhfeisteas peile as baile in 2011 geansaithe dubha agus brístí peile dubha. Ionchorpraíodh dearg agus bán sna geansaithe freisin.[45] Is éard a bhí i bhfeisteas peile as baile in 2012 geansaithe buí agus brístí peile gorma.[45] Bhí an feisteas peile as baile in 2015 i ndath dubh ar fad.[45] San fheisteas peile in 2016 agus in 2021 araon, chuaigh an club ar ais go dtí na dathanna a chaith Great Northern Railway, Dundalk, dubh agus órma.[4] Is éard atá sna feistis pheile seo ná geansaithe dubha agus ómra in éineacht le brístí dubha.[45]

Suaitheantas cuir in eagar

Úsáideadh an suaitheantas den chéad uair in 1927.[43] Tá sé bunaithe ar chóta airm bhaile Dhún Dealgan.[47] Mionathraíodh an suaitheantas thar na blianta agus sa lá atá inniu ann tá trí ghabhlán gaoithe ar sciath dhearg agus ainm an chlub uirthi.[47] In 2015, cuireadh réalta óir os cionn na scéithe lena chur in iúl gur bhuaigh siad teideal Shraith na hÉireann den deichiú huair.[48]

Imreoirí cuir in eagar

Foireann na bhFear cuir in eagar

An scuaid faoi láthair (Márta, 2021).[49]

U. Ionad Peileadóir
1   B Alessio Abibi
3   C Brian Gartland
4   C Andy Boyle
5   L Chris Shields
6   C Sonni Nattestad
7   L Michael Duffy
8   L Sam Stanton
9   I Patrick Hoban
10   L Greg Sloggett
11   L Patrick McEleney
13   C Raivis Jurkovskis
14   B Peter Cherrie
U. Ionad Peileadóir
15   C Darragh Leahy
16   L Sean Murray
17   I Ole Erik Midtskogen
20   I Junior Ogedi-Uzokwe
21   C Daniel Cleary
23   C Cameron Dummigan
25   L Val Adedokun
27   L Daniel Kelly
28   L Ryan O'Kane
29   I David McMillan
77   I Jeongwoo Han
90   L Jesús Pérez

Foireann na mBan cuir in eagar

In 1969, bunaíodh Cumann Peile na mBan.[50] Ba é Club Peile na mBan de chuid Dhún Dealgan ceann de na foirne a bhunaigh Cumann Peile na mBan agus ba iad an t-aon taobh lasmuigh de Shasana a bhí bainteach lena bhunú.[50] Mar sin féin, níl foireann peile na mBan ag an gclub faoi láthair.[50]

Foirne Peile Faoi Aois cuir in eagar

Tá foirne buachaillí faoi 14, faoi 15, faoi 17 agus faoi 19 ag an gclub.[51] Tá foireann cailíní faoi 14 agus faoi 18 ag an gclub faoi láthair.[52]

Iar-bhainisteoirí cuir in eagar

Iar-bhainisteoirí
  • 1926–1929: Joe McCleery.[53]
  • 1929–1930: Harry Beadles.[54]
  • 1930–1934: Steve Wright.[53]
  • 1934–1947: Jerry McCourt.[55]
  • 1947: Harry Sellars.[53]
  • 1947–1948: Jack Barker.[53]
  • 1948–1950: Ned Weir.[53]
  • 1950–1951: Pat Gallacher.[53]
  • 1951–1955: Jerry McCourt.[55]
  • 1955–1956: Walter Rickett.[56]
  • 1956–1964: Jerry McCourt.[55]
  • 1964–1965: Shay Noonan.[57]
  • 1965–1966: Gerry Doyle.[53]
  • 1966–1968: Alan Fox.[53]
  • 1968–1969: Tommy Rowe.[56]
  • 1969–1972: Liam Tuohy.[53]
  • 1972–1973: Fran Brennan.[58]
  • 1973–1974: John Smith.[56]
  • 1974: Peter Watson.[59]
  • 1974–1983: Jim McLaughlin.[56]
  • 1983–1984: John Dempsey.[56]
  • 1984–1985: Tommy Connolly.[60]
  • 1985–1994: Turlough O'Connor.[56]
  • 1994–1996: Dermot Keely.[56]
  • 1996–1997: John Hewitt.[61]
  • 1997: Eddie May.[61]
  • 1997–1999: Jim McLaughlin.[56]
  • 1999–2000: Terry Eviston.[62]
  • 2000–2002: Martin Murray.[56]
  • 2002–2004: Trevor Anderson.[56]
  • 2004–2005: Jim Gannon.[63]
  • 2006–2008: John Gill.[64]
  • 2009: Seán Connor.[56]
  • 2010–2011: Ian Foster.[56]
  • 2012: Seán McCaffrey.[56]
  • 2012: Darius Kierans.[56]
  • 2013–2018: Stephen Kenny.[56]
  • 2019–2020: Vinny Perth.[56]
  • 2020–2021: Filippo Giovagnoli.[36]
  • 2021: Shane Keegan.[36]

Tagairtí cuir in eagar

  1. admin. "League Table" (en-US). Dundalk Football Club. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  2. Gavin McLaughlin. "Club Directory" (en-US). Dundalk Football Club. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  3. 3.0 3.1 3.2 Paul O'Hehir (2018-01-18). "American-based consortium complete deal to buy Dundalk" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2021-03-25.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Gavin McLaughlin (2020-12-15). "NEW 2021 AWAY KIT" (en-US). Dundalk Football Club. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  5. 5.00 5.01 5.02 5.03 5.04 5.05 5.06 5.07 5.08 5.09 5.10 5.11 "Dundalk F.C. | Who's Who". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  6. "Tom Halpin | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-20.
  7. 7.00 7.01 7.02 7.03 7.04 7.05 7.06 7.07 7.08 7.09 7.10 7.11 7.12 7.13 7.14 7.15 7.16 7.17 7.18 7.19 7.20 7.21 7.22 7.23 admin. "Club Honours" (en-US). Dundalk Football Club. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  8. "Dundalk win a Cup Final!". irishnewsarchive.com. The Irish Press (9 September 1937). Dáta rochtana: 2021-03-23.
  9. 9.0 9.1 9.2 "Dundalk Had Great Win But Fail on Aggregate". irishnewsarchive.com. The Irish Press (26 September 1963). Dáta rochtana: 2021-03-23.
  10. "Dundalk club take-over". archive.irishnewsarchive.com. Irish Independent (21 January 1966). Dáta rochtana: 2021-03-28.
  11. "Dundalk Collect 3rd Trophy of Season". irishnewsarchive.com. Irish Independent (13 May 1967). Dáta rochtana: 2021-03-23.
  12. 12.0 12.1 12.2 Tom O'Shea (1967-09-21). "Standing Ovation For Oriel XI". irishnewsarchive.com. The Irish Press. Dáta rochtana: 2021-03-23.
  13. Mel Moffat (1979-04-23). "Dundalk Double". irishnewsarchive.com. The Irish Press. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  14. 14.0 14.1 Noel Dunne (1979-11-08). "Praise - but no 'miracles' for Dundalk". irishnewsarchive.com. Irish Independent. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  15. 15.0 15.1 "Dundalk". www.bdfutbol.com. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  16. "League of Ireland Premier Division" (en). Football Wiki. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  17. "Premier League - facts, stats and history". www.footballhistory.org. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  18. "Dundalk Football Club suffer big loss". archive.irishnewsarchive.com. Dundalk Democrat (10 July 1993). Dáta rochtana: 2021-03-26.
  19. Paul Hyland (1994-11-04). "New backers save Dundalk from the threat of closure!". irishnewsarchive.com. Evening Herald. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  20. 20.0 20.1 "RELIEF AS TOWN SURVIVE". irishnewsarchive.com. Dundalk Democrat (10 May 1997). Dáta rochtana: 2021-03-26.
  21. 21.0 21.1 Gerry McDermott (1998-11-28). "Dundalk s debt draws wide support". irishnewsarchive.com. Irish Independent. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  22. 22.0 22.1 Gerry McDermott (1999-04-23). "Dundalk in agony as Lilywhites go down". irishnewsarchive.com. Irish Independent. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  23. "Historic day as Co-Operative takes over Dundalk". irishnewsarchive.com. Dundalk Democrat (25 March 2000). Dáta rochtana: 2021-03-27.
  24. "Captain Crawley bridges 37-year gap". irishnewsarchive.com. Dundalk Democrat (12 May 2001). Dáta rochtana: 2021-03-27.
  25. "Too late for Dundalk". irishnewsarchive.com. Irish Independent (1 April 2002). Dáta rochtana: 2021-03-27.
  26. "Gill slams Dundalk" (en). independent. Irish Independent (9 December 2008). Dáta rochtana: 2021-03-28.
  27. Ruaidhri O'Connor (2011-09-23). "Dundalk seeking solution to €430k debt crisis" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  28. 28.0 28.1 Mark McCadden (2018-01-18). "US takeover of Dundalk confirmed". Buzz.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.[nasc briste go buan]
  29. Michael Scully (2014-10-24). "Dundalk crowned Airtricity League champions 2014 with 2-0 win over Cork City" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  30. Sean Ryan (2016-10-23). "Dundalk on brink of historic treble" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  31. "Legia Warsaw 1-1 Dundalk (Agg: 3-1)" (en-GB). BBC Sport. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  32. 32.0 32.1 "Dundalk in the Europa League - the story so far" (as en) (2016-12-08). 
  33. Paul Moore. "Dundalk Sack Head Coach Vinny Perth" (en). Balls.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  34. 34.0 34.1 "EXPANDED UNITE THE UNION CHAMPIONS CUP FORMAT ANNOUNCED" (2020-11-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-27. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  35. "Keely worried for Dundalk's future under Giovagnoli" (as en) (2021-02-08). 
  36. 36.0 36.1 36.2 "Keegan takes over ahead of Giovagnoli at Dundalk" (as en) (2021-03-09). RTÉ. 
  37. 37.0 37.1 TodayFM. "Dundalk begin the makeover that Oriel Park badly needs". TodayFM. Dáta rochtana: 2021-03-26.
  38. "Dundalk FC | Oriel Park | Football Ground Guide" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-03-25.
  39. "Oriel Park Stadium Guide - Dundalk F.C." (en-GB). Football Tripper (2014-08-11). Dáta rochtana: 2021-03-27.
  40. David Faiers (1967-08-09). "Big Improvements at Oriel". archive.irishnewsarchive.com. Evening Herald. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  41. 41.0 41.1 41.2 41.3 41.4 41.5 Martin McNelis (2016-09-01). "Oriel Park – Dundalk FC" (en-US). Stadium Journey. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  42. 42.0 42.1 "Oriel Park - Stadium" (en). RouteYou. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  43. 43.0 43.1 Nat (1927-12-28). "Soccer notes and notions". irishnewsarchive.com. Evening Herald. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  44. "Soccer in Cork". irishnewsarchive.com. Cork Examiner (2 October 1939). Dáta rochtana: 2021-03-27.
  45. 45.0 45.1 45.2 45.3 45.4 45.5 "Dundalk FC 2" (2020-09-11). Dáta rochtana: 2021-03-28.
  46. - (2019-11-26). "Dundalk release New Jersey designed by Umbro" (en-US). League of Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-14. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  47. 47.0 47.1 "Badge of the Week: Dundalk F.C." (en-GB). Box To Box Football (2017-02-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-04. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  48. "New Dundalk FC away jersey revealed" (en-US). Talk of the Town (2014-11-07). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-21. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  49. "Dundalk FC - Squad 2020/2021" (en). worldfootball.net. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  50. 50.0 50.1 50.2 Paul Fennessy (2019-11-10). "The Irish team who were part of a women's football revolution in England" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  51. Gavin McLaughlin (2021-01-27). "2021 ACADEMY MANAGEMENT STAFF" (en-US). Dundalk Football Club. Dáta rochtana: 2021-03-27.
  52. 2020-10-04. "Fixtures" (en). MGL. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-23. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  53. 53.0 53.1 53.2 53.3 53.4 53.5 53.6 53.7 53.8 "Dundalk F.C. | Who's Who". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  54. "Liverpool career stats for Harry Beadles - LFChistory - Stats galore for Liverpool FC!". www.lfchistory.net. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  55. 55.0 55.1 55.2 "Jerry McCourt | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  56. 56.00 56.01 56.02 56.03 56.04 56.05 56.06 56.07 56.08 56.09 56.10 56.11 56.12 56.13 56.14 56.15 "Dundalk FC - Manager history" (en). worldfootball.net. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  57. "Tributes to Shay Noonan" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  58. "Fran Brennan | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  59. "Peter Watson | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  60. Paul Dollery. "The steely Scotsman who became Irish football's perennial party pooper" (en). The42. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  61. 61.0 61.1 "Eddie May | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  62. "Terry Eviston | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  63. "Jim Gannon | History of Dundalk F.C.". www.dundalkfcwhoswho.com. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  64. "Dundalk issue statement on league row" (2006-12-14). Dáta rochtana: 2021-03-28.