Eagraíocht um Aontas na hAfraice
B'eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an Eagraíocht um Aontas na hAfraice[1] (EAA). Bunaíodh í ar an 25 Bealtaine 1963. Bhunaigh 32 stát san Afraic eagraíocht chun guth a thabhairt dóibh, agus radacach go hannamh.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | eagraíocht idirnáisiúnta eagraíocht idir-rialtasach | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | African and Malagasy Union (en) Monrovia Group (en) Casablanca Group (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 1963 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 2002 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Tháinig deireadh leis an EAA ar 9 Iúil 2002 nuair a díscaoileadh í (léiriú intinne ar an 9 Meán Fómhair 1999) agus tháinig an tAontas Afracach ar an bhfód ina áit.
Conspóidí
cuir in eagar- Réabhlóid Simba, 1963-1965. Fuair na réabhlóidithe (de chuid Marx) tacaíocht ó Eagraíocht um Aontas na hAfraice[2], a bhí ag iarraidh deireadh a chur le tionchar lucht tionscail agus airgid na Beilge sa Chongó. Ach sa bhliain 1965, rug Sese Seko Mobutu greim ar rialú na tíre i gcoup d'état.
- I 1998 bhris coimhlint amach idir an Aetóip agus an Eiritré de bharr dhíospóid teorann. Thit comhaontú as a chéile a shocraigh an Eagraíocht um Aontas na hAfraice i 1999 agus tosaíodh ar an troid arís.[3]
Féach freisin
cuir in eagar- An tAontas Afracach
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Organisation of African Unity (OAU) i mBéarla
- ↑ "Why did the OAU fail to bring about a solution in the Congo Crisis? – IRM" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-25.
- ↑ "Misin san Afraic" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2020-05-25.