Aontas Afracach
Is eagraíocht idirnáisiúnta, pholaitiúil agus eacnamaíochta é an tAontas Afracach (AA). Cruthaíodh an tAontas ar 9 Iúil 2002 in Durban, an Afraic Theas (léiriú intinne ar an 9 Meán Fómhair 1999).
Aontas Afracach | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Let Us All Unite and Celebrate Together (en) | ||||
Mana | «A United and Strong Africa» «Une Afrique unie et forte» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Adas Ababa | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | Béarla an Araibis an Fhraincis an Phortaingéilis languages of Africa (en) an Spáinnis an Svahaílis | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An Eagraíocht um Aontas na hAfraice | ||||
Cruthú | 9 Meán Fómhair 1999 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Pan-African Parliament (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | au.int | ||||
Is iad a chuspóirí ná oibriú chun an daonlathas, na cearta daonna agus an fhorbairt dhaonna a chur chun cinn ar fud na hAfraice, go háirithe tríd an infheistíocht seachtrach a ardú tríd an chlár 'Comhpháirtíocht Nua ar son Forbairt na hAfraice'.
Níl ceangal díreach ag an AA le Banc Forbartha na hAfraice.
Tá comhlacht reachtach an Aontais Afracaigh (AA), an Pharlaimint Phan-Afracach, comhdhéanta de 275 comhalta a thoghtar go hindíreach.
Stair
cuir in eagarTháinig an tAontas Afracach in ionad Eagraíocht um Aontas na hAfraice (EAA) [1]. Bunaíodh a chuid institiúidí (An Coimisiún, an Pharlaimint Phan-Afracach agus an Chomhairle Síochána agus Slándála) in Iúil 2003, ag cruinniú Maputo i Mósaimbíc.
Ba é Thabo Mbeki, as an Afraic Theas, céad uachtarán na heagraíochta, é tar éis a bheith ina uachtarán ar an EAA roimhe sin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Charte de l'Organisation de l'unité africaine". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-12-19. Dáta rochtana: 2019-05-10.