Ealaín Cheanada
Ealaín ón 17ú céad agus eilimintí Eorpacha — Francach den chuid is mó — measctha le heilimintí áitiúla. Eaglaisí ón 18ú céad le stíleanna na Breataine Seoirsí is na gcoilíneachtaí Meiriceánacha. I stíl na hAthbheocana Gotaí atá Foirgneamh na Parlaiminte le Thomas Fuller in Ottawa (timpeall 1859). Bunaíodh Acadamh Ríoga Cheanada agus Gailearaí Náisiúnta Cheanada i 1880. I ndiaidh lár an 20ú céad bhí tionchar ag gluaiseachtaí avant garde ar an ealaín, ach roimhe sin ní raibh ach rian den impriseanachas ann.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ealaín Cheanada". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 231.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin ealaín é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |