Ealaín lár is oirthear na hEorpa, ar thosaigh a traidisiún faoi na himpirí Otto sa 10ú-11ú céad. Tógadh baisleaca Rómhánúla i Mainz, Worms is Speyer. Tháinig lárionad dealbhóireachta cré-umha chun cinn i Hildesheim, agus bhain maisiúchán lámhscríbhinní barr maitheasa i Reichenau. Tugadh an stíl Ghotach isteach ón bhFrainc sa 13ú céad. Sa 15ú céad d'fhorbair an phéintéireacht faoi thionchar na bPléimeannach. D'éirigh leis an ngreanadóireacht adhmaid is an greanadh líneach go háirithe, agus ba é Dürer an sármháistir Gearmánach. Chuir an Reifirméisean isteach ar an ealaín i dtuaisceart na Gearmáine, ach i ndeisceart na tíre bhláthaigh maisiúchán is ailtireacht Bharócach go déanach sa 17ú céad. Bhí an ghluaiseacht Nuachlasaiceach is an ghluaiseacht Rómánsach bríomhar go déanach san 18ú céad is luath sa 19ú céad, agus é sin léirithe i radhairc cháiliúla tíre Casper Davis Friedrich (1774-1840). I measc cuid na Gearmáine d'ealaín an 20ú céad, bhí an tEispriseanachas agus an Bauhaus.[1]

Altóir Gotach déanach le Tilman Riemenschneider (b. 1531)
  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Gearmáine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 232.