Ealaín na Síne ársa, ó 4000 RC ar aghaidh, a raibh tionchar trom aici ar an ealaín i ngach tír sa chianoirthear, agus a shroich an Eoraip sa 17ú céad. Ba shainiúil a nuálaíocht fhiúntach theicneolaíoch (síoda, poirceallán, páipéar is clóbhualadh) agus a míneadas iontach stíle. Fuarthas soithigh cré-umha mhaisithe ó 1000 RC. Bunaíodh an dá thraidisiún ghaolta péintéireachta is peannaireachta le linn réim rítheaghlach Han (206 RC-222 AD). Táirgeadh poirceallán ardchaighdeáin faoin rítheaghlach Tang (618-906) agus ina dhiaidh. Tháinig péintéireacht radhairc tíre chun tosaigh faoi rítheaghlach Song (960-1279) agus ina dhiaidh. Táirgeadh poirceallán, laicear, agus cruanadóireacht rannta (cloisonné) ardmhíneadais le linn rítheaghlach Ming (1368-1644). Níor staon na forbairtí le linn an rítheaghlaigh dheireanaigh, Qing (1644-1912), mar rinneadh péintéireacht impriseanaíoch is poirceallán iontach a raibh éileamh orthu ar fud an Domhain.[1]

Tírdhreach le Dong Qichang, t. 1600
  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.