Stíl ealaíne a thosaigh i ndiaidh an dara cogadh domhanda le húsáid ríomhairí analógacha chun líníocht theibí a chruthú, mar a rinne an t-ealaíontóir Sasanach Desmond Paul Henry (1921-2004) don taispeántas Cybernetic Serendipity (Seirindipíocht Chibirniteach) i 1968. Ó na 1960idí tá ríomhairí digiteacha nua-aoiseacha in úsáid ag ealaíontóirí, cosúil le Charles Csuri is Robert Mallory, chun líníocht, péintéireacht, is fiú dealbhóireacht a tháirgeadh. Dearann an t-ealaíontóir le CAD ar leith, agus déanann an ríomhaire an toradh a phriontáil nó an déanamh a threorú le CAM ar leith.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín ríomhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 235.