Eascann choncair
géineas iasc
Iasc foghlach mara a fhaightear in uiscí éadoimhne cois cladaigh i dtuaisceart na hEorpa is an Mheánmhuir, de ghnáth faoi chumhdach carraigeacha, céanna, long briste. An cholainn sorcóireach, suas le 2.7 m ar fhad. Na gialla cumasach, na fiacla cónacha suite gar dá chéile. Itheann sí éisc, crústaigh is ceifealapóid den chuid is mó. Baolach do thumadóirí.[1]
Conger | |
---|---|
Conger oceanicus | |
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Anguilliformes |
Fine | Congridae |
Géineas | Conger Schaeff., 1760 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eascann choncair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |